1 Corantaigh 2:1-16

2  I dtaca liomsa, a bhráithre, nuair a tháinig mé chugaibh, níor tháinig mé ag fógairt [rúndiamhair] Dé le hardnós cainte ná eagna.  Shocraigh mé i m’aigne fad a bheinn in bhur measc gan aon ní eile a aithint ach Íosa Críost agus eisean arna chéasadh.  Is mé a bhí go lagbhríoch in bhur measc agus mé lán d’uamhan agus d’eagla.  Agus ní ar bhriathra mealltacha na heagna daonna a bhí mo scéal agus m’fhógra ag brath ach ar fhoilsiú an Spioraid agus na cumhachta,  i dtreo nach ar eagna dhaonna a bheadh bhur gcreideamhsa bunaithe ach ar chumhacht Dé.  Ach labhraimidne eagna i measc na muintire atá tagtha in inmhe, ach ní hí eagna an tsaoil seo í ná eagna lucht ceannais an tsaoil seo, dream atá ag imeacht as.  Is í eagna rúnda Dé atá i gceist againne, an eagna a bhí folaithe ó dhaoine ach a bhí ceaptha ag Dia roimh thús aimsire chun glóir a thabhairt dúinne.  Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidís Tiarna na glóire ar an gcrois.  Mar atá scríofa: “Nithe nach bhfaca súil iad agus nár chuala cluas iad,nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne,is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó.” 10  Is dúinne a nocht Dia [na nithe seo] le cabhair an Spioraid. Scrúdaíonn an Spiorad gach uile ní, fiú duibheagáin Dé féin. 11  Cé a thuigeann cúrsaí an duine ach spiorad an duine féin istigh ann? Ar an gcuma chéanna níl aon duine a thuigeann cúrsaí Dé ach Spiorad Dé. 12  Ní hé spiorad an tsaoil seo atá faighte againne ach an Spiorad a sheol Dia chun go dtuigfimis na nithe atá bronnta orainn ag Dia. 13  Agus ní i mbriathra na heagna daonna a chuirimid síos ar na nithe sin ach i mbriathra a mhúin an Spiorad dúinn nuair a bhímid ag míniú cúrsaí an spioraid dóibh siúd a bhfuil an Spiorad iontu. 14  An duine nádúrtha, ní ghlacann sé leis na nithe a bhaineann le Spiorad Dé; is díth céille leis iad agus ní féidir dó iad a thuiscint mar is de réir an Spioraid nach foláir iad a mheas. 15  Ach an duine spioradálta, féadann seisean gach ní a mheas ach ní féidir d’aon duine eisean a mheas. 16  Óir “cé a thuigeann aigne an Tiarna? Nó cé a thabharfaidh comhairle dó?” Tá aigne Chríost againne, áfach.

Fonótaí