Cóheilit 10:1-20
10 Truaillíonn cuileoga marbha soitheach d’ola chumhra; mar an gcéanna is láidre beagán baoise ná eagna agus onóir.
2 Casann croí an tsaoi deiseal agus croí an daoi tuathal.
3 Fiú amháin ag siúl an bhóthair dó, bíonn an daoi ar easpa céille agus tugann sé amadán ar gach duine eile.
4 Má bhladhmann fearg an rialtóra amach i do choinne, ná fág do phost; óir coisceann an cheansacht coireanna móra.
5 Tá olc áirithe ann a chonaic mé abhus faoi luí na greine—botún is ea é a bhfuil an rialtóir ciontach leis:
6 an t-amadán ina ardoifigeach agus lucht an tsaibhris sna poist is ísle.
7 Chonaic mé sclábhaithe ar muin capall agus prionsaí ag siúl ar an mbóthar mar sclábhaithe.
8 An té a dhéanann poll, tharlódh go dtitfeadh sé féin isteach ann; an té a leagann fál, thiocfadh dó go mbainfeadh nathair greim as.
9 An té a bhaineann clocha, d’fhéadfadh sé go ngortófaí leo é; an té a ghearrann adhmad, seans go gcuireann sé é féin i mbaol.
10 Má bhíonn an tua maol agus nach gcuirtear faobhar uirthi roimh ré, caithfear breis fuinnimh a úsáid; ach is í an eagna a chuirfidh rath ar chách.
11 Má bhaineann nathair greim as duine sula gcuirtear faoi dhraíocht í, ní bhfaighidh an mealltóir nathrach aon táille.
12 Tarraingíonn briathra béil an eagnaí gnaoi na ndaoine air ach is iad liopaí an amadáin a dhéanann a mhilleadh.
13 Baois is ea tosach a chuid cainte, deargbhuile a deireadh.
14 Bíonn an t-amadán ag glagaireacht leis de shíor ach ní eol d’aon duine céard atá le teacht; óir cé hé ar féidir dó a rá cad a tharlóidh ina dhiaidh.
15 Cuireann saothar an amadáin tuirse air mar ní eol dó an bóthar chun an bhaile mhóir.
16 Mairg duit, a thír a bhfuil leanbh ina rí ort, agus a mbíonn do phrionsaí ag caitheamh fleá ar maidin.
17 Is méanar duit, a thír, ar de shliocht uasal do rí agus nach gcaitheann do phrionsaí fleá go meisciúil ach in am is i dtráth chun a neart a chothú.
18 De dheasca na leisce tugann an maide mullaigh uaidh; nuair a bhíonn na lámha díomhaoin, bíonn braon anuas sa teach.
19 Caitear fleá ar son an tsuaircis agus cuireann an fíon gliondar ar na beo ach is é an t-airgead a chuireann gach uile rud díobh ar fáil.
20 Ná cuir mallacht ar an rí fiú i do chroí istigh; ná mallaigh lucht an tsaibhris ach oiread fiú i do sheomra codlata; óir b’fhéidir go n-iompródh éanlaith an aeir do bhriathra chucu agus go n-inseodh dúil sciathánach éigin an scéal.