Gníomhartha 23:1-35

23  Labhair Pól leis an tsainidrín agus é ag cur na súl tríothu: “A bhráithre,” ar seisean, “níl scrupall dá laghad ar mo choinsias faoin gcuma inar iompair mé mé féin i bhfianaise Dé go dtí an lá atá inniu ann.”  Leis sin d’ordaigh Anainias, an t-ardsagart, dóibh sin a bhí ina seasamh in aice leis Pól a bhualadh sa bhéal.  Ansin d’iompaigh Pól air: “Buailfidh Dia thusa, a bhalla aolta,” ar seisean. “An bhfuil tú i do shuí ansin ag tabhairt breithiúnais ormsa de réir an dlí agus tú féin ag sárú an dlí ag ordú mo bhualadhsa?”  An mhuintir a bhí ina seasamh ina aice, dúirt siad le Pól: “An ag tabhairt achasáin don ardsagart atá tú?”  D’fhreagair Pól: “Ní raibh a fhios agam, a bhráithre, gurb é an t-ardsagart é, mar tá scríofa: ‘Ná habair aon drochní mar gheall ar phrionsa an phobail.’”  Nuair a d’aithin Pól gur de bhuíon na Sadúcach cuid acu agus gur de bhuíon na bhFairisíneach an chuid eile dúirt sé sa tsainidrín in ard a ghutha: “A bhráithre, is Fairisíneach mise agus is de shliocht na bhFairisíneach mé. Is mar gheall ar an dóchas agus ar aiséirí na marbh atáim ar mo thriail anseo.”  Ní raibh an méid sin ráite aige nuair a d’éirigh achrann idir na Fairisínigh agus na Sadúcaigh agus bhí an cruinniú scoilte ina dhá chuid,  mar go ndeir na Sadúcaigh nach bhfuil aiséirí ann ná aingeal ná spiorad agus creideann na Fairisínigh i ngach ceann acu.  Mhéadaigh ar an ngleo, agus d’éirigh roinnt scríobhaithe de chuid na bhFairisíneach agus thosaigh siad ag maíomh go colgach: “Ní fhaighimid aon locht ar an bhfear seo. Más ea féin gur labhair aingeal nó spiorad leis . . .” 10  Bhí an t-achrann ag dul chomh mór sin i méid go raibh eagla ar an gceannasaí go sracfaí Pól as a chéile; dá bhrí sin d’ordaigh sé don arm dul síos agus Pól a tharrtháil uathu agus é a thabhairt isteach sa dúnfort. 11  An oíche dár gcionn sheas an Tiarna láimh leis agus dúirt: “Bíodh misneach agat. Faoi mar atá fianaise tugtha agat orm anseo in Iarúsailéim, ní mór duit fianaise a thabhairt ar an gcaoi chéanna sa Róimh freisin.” 12  Nuair a bhí sé ina lá, tháinig roinnt de na Giúdaigh le chéile agus chuaigh siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeadh Pól marbh acu. 13  Bhí breis agus daichead acu a thug brí na mionn sin le chéile. 14  Ansin chuaigh siad go dtí na hardsagairt agus na seanóirí agus dúirt leo: “Ghabhamar de gheasa orainn féin gan aon ní a bhlaiseadh nó go mbeidh Pól marbh againn. 15  Dá bhrí sin cuirigí sibhse agus an tsainidrín scéala chun an cheannasaí á iarraidh Pól a chur anuas chugaibh mar dhea gur mhaith libh a chás a fhiosrú ní ba chruinne. Agus beimidne réidh chun é a dhíothú sula mbeidh sé tagtha i ngar.” 16  Fuair mac deirféar Phóil cogar scéil an luíocháin, áfach. Chuaigh sé go dtí an dúnfort agus isteach leis ag insint an scéil do Phól. 17  Ghlaoigh Pól ar dhuine de na taoisigh chéad agus dúirt leis: “Tabhair leat an gasúr seo go dtí an ceannasaí mar tá scéala aige le hinsint dó.” 18  Thóg sé leis é go dtí an ceannasaí agus dúirt: “Chuir an príosúnach Pól fios orm agus d’iarr orm an gasúr seo a thabhairt chugat mar go bhfuil rud aige le rá leat.” 19  Rug an ceannasaí ar láimh ar an ngasúr, chuaigh i leataobh leis agus d’fhiafraigh de: “Cén scéal atá agat le hinsint dom?” 20  “A leithéid seo,” arsa an gasúr, “tá socair ag na Giúdaigh a iarraidh ortsa Pól a chur síos amárach go dtí an tsainidrín, mar dhea gur mhaith leo a chás a scrúdú ní ba chruinne. 21  Ach ná déansa rud orthu, mar tá breis agus daichead duine acu ag déanamh luíocháin air mar tá siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeidh sé curtha den saol acu. Tá siad ullamh anois chuige agus iad ag feitheamh le gealltanas uaitse.” 22  Scaoil an ceannasaí an gasúr chun siúil tar éis a rá leis: “Ná hinis do dhuine ar bith gur nocht tú an scéal seo dom.” 23  Chuir sé fios ansin ar bheirt de na taoisigh chéad agus dúirt leo: “Bíodh dhá chéad saighdiúirí ullamh agaibh ar an tríú huair anocht chun dul go Céasaráia agus seachtó marcach chomh maith agus dhá chéad sleádóirí. 24  Agus bíodh beithígh iompair agaibh ar a gcuirfeadh sibh Pól agus é a thabhairt slán go dtí an Gobharnóir Féilix.” 25  Agus scríobh sé litir ar an aiste seo a leanas: 26  “Beatha agus sláinte ó Chlauidias Lisias chun an Ghobharnóra ró-oirirc Féilix. 27  Bhí beirthe ag na Giúdaigh ar an bhfear seo agus iad ar tí é a chur chun báis nuair a tháinig mé orthu leis an arm; tharrthaigh mé uathu é nuair a fuair mé amach gur saoránach Rómhánach é. 28  Ansin d’fhonn a fháil amach cén chúis a bhí acu á chur ina leith, thóg mé chun a sainidríne é. 29  Fuair mé amach gur mar gheall ar phointí áirithe dá ndlí féin a bhí siad á chúiseamh agus nach raibh aon ní ina choinne a thuillfeadh bás ná príosún. 30  Ach nuair a cuireadh in iúl dom go bhfuil comhcheilg déanta ina choinne, sheol mé chugatsa gan mhoill é agus d’ordaigh mé dá chúiseoirí a ngearán faoi a dhéanamh i do láthairse.” 31  Rinne na saighdiúirí mar a dúradh leo agus thóg siad Pól agus rug leo san oíche é chomh fada le hAntapaitris. 32  Lá arna mhárach tháinig siad ar ais go dtí an dúnfort agus lig do na marcaigh é a thionlacan. 33  Nuair a shroich siad Céasaráia, sheachaidh siad an litir don ghobharnóir agus thug Pól ar láimh dó chomh maith. 34  Léigh sé an litir agus d’fhiafraigh cén cúige arbh as dó; agus nuair a fuair sé fios gurbh as an tSiléis dó, dúirt sé: 35  “Éistfidh mé leat ar ball nuair a bheidh lucht do chúisithe anseo.” Agus d’ordaigh sé é a chur faoi choimeád i bpréatóiriam Héaróid.

Fonótaí