Iób 1:1-22

1  Bhi fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t-olc.  Rugadh seachtar mac agus triúr iníonacha dó.  Bhí seacht míle caora, trí mhíle camall, cúig céad cuingir damh, cúig céad asal baineann, agus líon tí raidhsiúil aige.  Bhí ghnáth lena chlann mhac dul agus fleá a bheith acu i dteach a chéile ar a n-uain; agus chuiridís teachtairí chun a ndeirfiúracha le cuireadh dóibh chun bia agus deoch a chaitheamh leo.  Nuair a bhíodh an cúrsa fleá thart chuireadh Iób fios orthu teacht agus iad féin a íonghlanadh; d’éiríodh sé go moch ar maidin agus d’ofráladh sé íobairtí uileloiscthe thar cheann gach duine díobh go léir. Óir deireadh Iób: “Cá bhfios nár pheacaigh mo chlann mhac agus nár thug siad masla do Dhia ina gcroí?” Mar sin a rinne Iób i gcónaí.  Tharla aon lá amháin, gur tháinig clann Dé i láthair an Tiarna, agus tháinig an Sátan mar an gcéanna ina measc.  Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Cá has a dtáinig tú?” D’fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Ó bheith ag fuaidreamh ar fud an domhain, agus ag siúl anonn is anall ann.”  Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é, tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t-olc.”  Agus d’fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “An gan fáth atá eagla Dé ar Iób? 10  Nach ndearna tú féin fál ina thimpeall agus i dtimpeall a thí agus i dtimpeall a bhfuil aige ar gach taobh? Bheannaigh tú saothar a lámh agus mhéadaigh a mhaoin sa tír. 11  Sín amach do lámh, más ea, agus leag í ar a bhfuil aige, agus is deimhin go ndéanfaidh sé thú a mhaslú le do bhéal.” 12  Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Féach, an uile ní dá bhfuil aige, tá sé faoi do smacht; ach air féin amháin ná leag do lámh.” Agus leis sin chuaigh an Sátan amach as láthair an Tiarna. 13  Lá dá raibh a chlann mhac agus iníonacha ag ól fíona i dteach an dearthár ba shine acu, 14  tháinig teachtaire ag triall ar Iób, agus dúirt leis: “Bhí an damhra ag treabhadh agus na hasail bhaineanna ag iníor ina ngaire 15  agus rinne na Saibéanaigh ruathar orthu gur sciobadar leo iad, agus mharaíodar na seirbhísigh le faobhar claímh; agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.” 16  Le linn dósan a bheith ag caint, tháinig duine eile agus dúirt: “Thit tine le Dia ó neamh agus dhóigh an tréad agus na seirbhísigh, á loscadh go hiomlán; agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.” 17  Agus le linn dósan a bheith ag caint, tháinig duine eile agus dúirt: “Rinne na Caildéigh trí bhuíon díobh féin agus thugadar ruaig chreiche faoi na camaill gur sciobadar leo iad, agus chloíodar na seirbhísigh le faobhar a gclaímh, agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.” 18  Agus fad a bhí seisean fós ag caint tháinig duine eile mar an gcéanna a dúirt: “Bhí do chlann mhac agus iníon ag ithe agus ag ól i dteach an dearthár ba shine acu, 19  agus féach! tháinig gaoth mhór anall thar an bhfásach agus bhuail ceithre chúinne an tí i dtreo gur thit sé anuas ar na daoine óga gur éagadar uile, agus nár tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.” 20  D’éirigh Iób ansin agus stróic a fhallaing agus bhearr a bhaithis, agus thit ar an talamh agus d’umhlaigh sé é féin síos 21  á rá: “Tarrnocht a tháinig mé as broinn mo mháthar,Agus tarrnocht a fhillfidh mé inti arís.An Tiarna a bhronn orm, agus an Tiarna a rug uaim.Moladh le hainm an Tiarna.” 22  Sna nithe sin uile níor pheacaigh Iób ná níor labhair go tarcaisneach in aghaidh Dé.

Fonótaí