Iób 21:1-34
21 Ansin d’fhreagair Iób agus dúirt:
2 Tugaigí cluas ghéar do mo ráite,Agus bíodh an méid seo mar shólás agaibh uaimse.
3 Tugaigí cead cainte domsa chomh maithAgus nuair a bheidh deireadh ráite agam, ar aghaidh le bhur bhfonóid.
4 An in aghaidh an duine atáimse ag gearán?Cén fáth nach mbeadh mífhoighne orm?
5 Tugaigí aird orm, agus cuirfear déistean oraibh,Agus ní bheidh focal asaibh.
6 Ní gá dom ach cuimhneamh agus tagann uafás orm,Agus bím ar ballchrith.
7 Cén fáth gur buan iad na coirpighAgus go méadaíonn a maoin le himeacht na mblianta?
8 Cuirtear bun faoina gclann ina láthair,Agus faoina ngaolta agus faoina sliocht os comhair a súl.
9 Tá a dtithe slán, gan eagla;Ní orthusan a bhagraíonn Dia a shlat.
10 Doireann a dtarbh, agus bíonn an rath air,Beireann a mbó lao, agus ní marbhghamhain.
11 Ligeann siad dá naíonáin súgradh mar na huain,Agus dá leanaí damhas [mar na fianna].
12 Canann siad le ceol tiompáin agus cláirsí,Agus bíonn siad ag rangás le poirt na feadóige.
13 Caitheann siad a ré faoi lúcháir,Agus téann siad síos go Seól faoi shíocháin.
14 Ach is iadsan a deir le Dia: “Imigh uainn!Ní áil linn eolas a chur ar do bhealaí!
15 Cad ab áil linn bheith ag fónamh don Uilechumhachtach,Agus cén tairbhe a bheidh againn má ghuímid chuige?”
16 “Ní ar a láimh féin atá a gconách,Agus is fada ó Dhia comhairle na gcoirpeach”
17 —An minic a mhúchtar lampa na gcoirpeach?Nó a thagann an tubaiste sa mhullach orthu?An roinneann sé pianta ina racht feirge?
18 An cuma iad nó diasa á séideadh ag an ngaoth,Nó cáith a scuabadh ag an stoirm?
19 Deir sibh: “Déanann Dia pionós an duine a chur i dtaisce dá chlann.”Déanadh sé díoltas air féin—d’fhonn go mbeadh a fhios aige!
20 Go bhfeice a shúile féin a scrios,Agus go n-ola sé fearg an Uilechumhachtaigh!
21 Óir cén mhairg dó a theach ina dhiaidh,Nuair atá líon a mhíonna thart?
22 “Cé a d’fhéadfadh ceachta san eagna a thabhairt do Dhia,Agus gurb é a thugann breith ar na huachtaráin?”
23 Faigheann duine bás i mbarr a chumais,Agus é go sona sásta ar fad,
24 A cheathrúna ramhar méith,Agus smior a chnámh gan seascadh.
25 Faigheann duine eile bás agus é searbh ó chroí,Gan aon aoibhneas riamh a bhlaiseadh.
26 Luíonn siad le chéile sa chré,Agus brat cruimheanna orthu.
27 Is maith is eol dom bhur smaointeAgus na bearta atá á dtaibhreamh daoibh i m’aghaidh,
28 Óir deir sibh: “Cá bhfuil teach an fhlatha?Agus cá bhfuil an both inar lonnaigh an coirpeach?”
29 Nár chuir sibh riamh ceist ar lucht taisteal na slí?Nó ar bhain sibh míchiall as séadchomharthaí?
30 “Déantar an coirpeach a shábháil i gcomhair lá an uafáis;Scuabtar ar shiúl é lá na feirge”—
31 Cé a chuirfidh a bhealaí ina leith aghaidh ar aghaidh,Cé a dhéanfaidh a bhearta a chúiteamh leis?
32 Déantar é a iompar chun na huaighe,Agus cuirtear faire ar a leacht.
33 Is milis leis fóda an ghleanna;Leanann an saol mór é ina shochraid(Agus gabhann slua gan áireamh roimhe amach).
34 Cén chiall mar sin atá le bhur sólás baoth?Maidir le bhur bhfreagraí, níl fágtha iontu ach bréag!