Iób 25:1-6
25 Ansin d’fhreagair Bildead ó Shiúach agus dúirt:
2 Cad é tiarnas agus urraim atá ag dul do [Dhia]!Cuireann sé an tsíocháin i réim sna harda.
3 An bhfuil áireamh ar líon a shluaite,Ar tháinig aon duine slán óna [luíocháin]?
4 Arbh fhéidir d’aon duine a bheith fíréanta i láthair Dé?Arbh fhéidir don té a gineadh ó bhean a bheith ionraic?
5 Níl an ghealach féin geal,Ná na realtaí glan ina láthair.
6 Nach lú ná sin an duine, nach bhfuil ann ach cruimh,Agus mac an duine, nach bhfuil ann ach péist.