Iób 26:1-14

26  Ansin d’fhreagair Iób, agus dúirt:  Nach breá an chabhair a thug tú don lag!Nach mór an fhuascailt a rinne tú ar an ngéag thláith!  Nach maith an chomhairle a thug tú don aineolach!Agus an misneach don lagmhisniúil.  Ach cé leis a ndearna tú do chomhráite?Agus cé leis an spiorad a tháinig uait?  Bíonn na Rafáím ar crith faoin talamh thíos,Bíonn eagla ar na huiscí agus ar a lucht áitribh.  Tá Seól tarrnocht os a chomhair,Agus Abadón gan bhrat.  Eisean a leath an Roinn Thuaidh thar an bhfolúsAgus a chroch an chruinne ar neamhní.  Cheangail sé na huiscí ina néalta,Agus níor stróiceadh na scamaill faoina n-ualach.  Chlúdaigh sé aghaidh na [lánré],Agus leath sé a néal thairsti. 10  Chuir sé fáinne thart ar dhromchla na n-uiscí,Ag an teorainn idir solas agus dorchadas. 11  Tagann creathán ar cholúin na spéire,Agus uafás, nuair a chloiseann siad é ag bagairt. 12  Chiúnaigh sé an fharraige lena chumhacht,Agus threascair sé Ráhab lena éirim. 13  Shoilsigh a anáil na spéartha,Agus ghoin a lámh an nathair ar teitheadh. 14  Ach féach! níl sa mhéid sin go léir ach imill a bhealaí!Ní chloisimid uaidh ach macalla cogair!Cé a thuigfeadh toirneach a chumhachta?

Fonótaí