Iób 28:1-28
28 Tá mianach ann don airgeadAgus tine ann leis an ór a ghlanadh.
2 Tógtar iarann as an talamh,Agus tagann copar ón gcloch leáite.
3 Cuireann an duine deireadh le dorchadas.Déanann sé an charraig dhorcha dhubhach a pholladhSíos go híochtar agus go grinneall.
4 Déanann muintir an lampa mianaigh a thochailt,In áiteanna atá gan teannta don chois,Agus bíonn siad ar cheann téide i gcéin ó dhaoine.
5 An talamh as a dtagann an t-arán,Déantar é a chreachadh laistíos le tine.
6 Is leaba saifírí a chlocha,Agus ór is luaithreach aige.
7 Níl eolas na slí ag an éanlaith chreiche,Agus ní fhaca súil na baidhbhe í.
8 Níor ghabh na hainmhithe maorga an cosán sin,Ná níor leag an leon a chosa air.
9 Leagann an duine a lámh ar an mbreochloch,Agus iompaíonn sé na cnoic bunoscionn.
10 Gearrann sé tolláin trí na carraigeacha,Agus é ag faire amach do gach sort seoide.
11 Cuardaíonn sé foinsí na n-aibhneacha,Agus nochtann don saol a mbíonn i bhfolach.
12 Ach an eagna, cá bhfuil sí le fáilAgus cá bhfuil teacht ar an tuiscint?
13 Ní eol don duine an bealach chuici,Agus ní bhfaightear í i dtír na mbeo.
14 Deir an duibheagán: “Níl sí ionamsa,”Agus an fharraige: “Níl sí faramsa.”
15 Ní féidir í a cheannach ar ór,Ná díol aisti le meáchan airgid.
16 Ní féidir luach a chur uirthi de réir ór Óifír,Ná de réir oinisce ná saifíre lómhaire.
17 Níl dul ag ór ná ag gloine uirthi,Ná ní féidir soithí óir fhíre a mhalartú uirthi.
18 Ní fiú cuireal ná criostal a lua—I gcóimheas léi ní fiú péarla an t-iascach.
19 Tópás na hAetóipe ní ionann agus í,Ná ní féidir í a mheas leis an ór fíre.
20 Ach inis dom, cad as don eagna?Agus cá bhfuil an tuiscint le fáil?
21 Tá sí i bhfolach ó shúile na mbeo go léir,Agus ceilte ar éanlaith an aeir.
22 Deir Abadón agus an Bás:“Ní bhfuaireamar ach clos tráchta uirthi.”
23 Ag Dia amháin is fios a cosán,Agus dó is eol a háit lonnaithe.
24 Mar tá radharc aige go imill na cruinne,Agus feiceann sé gach ní faoin spéir go léir.
25 Nuair a thug sé a meáchan don ghaoth,Agus a thomhais sé toirt na n-uiscí,
26 Nuair a leag sé síos reacht don bháisteach,Agus cosán le leanúint don toirneach,
27 Bhí radharc aige uirthi, agus cheap sé a fiúntas;Thug breith uirthi agus ghrinnscrúdaigh í.
28 Agus dúirt sé leis an duine:“Féach, eagla an Tiarna an eagna,Agus an t-olc a sheachaint is ea an tuiscint.”