Colosaigh 1:1-29
1 Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé, agus an bráthair Tiomóid—
2 guímid beannacht ar an bpobal naofa i gColosae, ar na bráithre dílse i gCríost. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair.
3 Gach uair dá mbímid ag guí, gabhaimid buíochas le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, mar gheall oraibh,
4 mar tá iomrá cloiste againn ar bhur gcreideamh in Íosa Críost agus ar an ngrá atá agaibh don phobal naofa go huile
5 toisc súil a bheith agaibh lena bhfuil in áirithe daoibh sna flaithis. Chuala sibh iomrá ar an luach saothair seo don chéad uair i dteachtaireacht na fírinne, is é sin sa dea-scéal
6 a tháinig chugaibh agus atá ag fás agus ag tabhairt toradh uaidh ar fud an domhain mhóir, go díreach mar atá aige á dhéanamh in bhur measc féin freisin ón gcéad lá a chuala sibh iomrá ar ghrásta Dé agus a chuir sibh eolas air dáiríre.
7 Is é múinteoir a bhí agaibh ár gcomhsclábha ionúin féin, Eipeafras, searbhónta dílis do Chríost agus fear ionaid dúinne;
8 agus is é a chuir síos dúinn chomh maith ar an ngrá atá ionaibhse faoi luí an Spioraid.
9 Sin é an fáth, ón lá a chualamar an scéal, nár stadamar ach ag guí oraibh, á iarraidh go líonfaí sibh d’eolas ar a thoil le barr eagna agus tuisceana spioradálta,
10 ionas go dtabharfadh sibh bhur saol mar is dual de réir an Tiarna agus go mbeadh sé lánsásta libh; go dtiocfadh forás ar bhur ndea-oibreacha agus méadú ar bhur n-eolas ar Dhia;
11 go gcuirfeadh a neart glórmhar ar bhur gcumas cur suas go foighneach le gach ní
12 agus go mbeadh sibh go lúcháireach ag gabháil buíochais leis an Athair a dheonaigh daoibh a bheith páirteach in oidhreacht an phobail naofa sa solas
13 agus a d’fhuascail sinn ó chumhacht an dorchadais agus d’aistrigh isteach sinn i ríocht a mhic mhuirnigh.
14 Is tríd an Mac sin atá ár bhfuascailt le fáil, is é sin, maithiúnas na bpeacaí.
15 Is íomhá den Dia dofheicthe éagus céadghin gach dúile cruthaithe
16 mar is trídsean a cruthaíodha bhfuil ar neamh agus ar talamhbídís sofheicthe nó dofheicthe,idir Thróin agus Thiarnaisidir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí.Is trídsean agus dósan a cruthaíodh an t-iomlán.
17 Tá tosach aige orthu uileagus is ann a choinnítear ar bun iad.
18 Is é ceann an choirp é,ceann na hEaglaise.Is é an tús é,an chéadghin ó mhairbhi dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.
19 Mar is ann ab áille lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,
20 agus is trídsean ab áil leisgach a bhfuil ar neamh agus ar talamha thabhairt chun athmhuintearais leis féin,agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.
21 Tráth dá raibh, bhí sibhse féin in earraid [le Dia] agus naimhdeach dó in bhur n-aigne, de dheasca bhur ndrochghníomhartha;
22 ach tá athmhuintearas déanta aige anois libh trína bhás ina chorp collaí d’fhonn sibh a thabhairt ina láthair go naofa gan cháim gan locht.
23 Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.
24 Is cúis áthais domsa a bhfuil á fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táimse a dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais.
25 Rinneadh maor ar an Eaglais díomsa de bharr an chúraim a thug Dia dom le déanamh daoibhse, mar atá briathar Dé á fhógairt ina iomláine:
26 an rúndiamhair a bhí ceilte ar feadh na gcianta agus na nglún, ach atá nochta anois dá phobal naofa.
27 Ba dheoin le Dia a nochtadh dóibhsean cad é mar shaibhreas glórmhar a thugann an rúndiamhair seo do na gintlithe, is é sin, go bhfuil Críost in bhur measc ag deimhniú na glóire daoibh.
28 Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, d’fhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost.
29 Is chuige sin chomh maith a bhímse ag obair ar mo dhícheall leis an bhfuinneamh uaidh atá ag oibriú go tréan ionam.