Eoin 18:1-40

18  Ar rá na bhfocal sin dó chuaigh Íosa amach, mar aon lena dheisceabail, thar chaise Chidreon. Bhí gairdín ansiúd agus chuaigh sé isteach ann, é féin agus a dheisceabail.  Ba eol an áit do Iúdás, fear a bhraite, mar ba mhinic a chastaí Íosa ann in éineacht lena dheisceabail.  Mar sin, is ann a chuaigh Iúdás agus gasra saighdiúirí aige, agus póilíní ó uachtaráin na sagart agus ó na Fairisínigh, agus lóchrainn acu agus tóirsí agus arm faobhair.  Ó bhí a fhios ag Íosa an uile ní dá raibh le teacht air, ghabh sé amach agus dúirt sé leo: “Cé tá uaibh?”  D’fhreagair siad é: “Íosa ó Nazarat.” Dúirt Íosa leo: “Is mise é.” Bhí Iúdás, fear a bhraite, ansiúd in éineacht leo.  Nuair a dúirt Íosa leo: “Is mise é,” tharraing siad siar agus thit siad ar an talamh.  D’fhiafraigh sé díobh arís: “Cé tá uaibh?” “Íosa ó Nazarat,” ar siad.  D’fhreagair Íosa: “Dúirt mé libh gur mise é. Mar sin, más mise atá uaibh, scaoiligí chun siúil iad seo”—  chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt sé—“Na daoine a thug tú dom, níor chaill mé aon duine díobh.” 10  Bhí claíomh ag Síomón Peadar agus tharraing sé é, agus bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas dheas de. 11  Malcas a ba ainm don seirbhíseach. Dúirt Íosa le Peadar: “Cuir an claíomh ar ais ina thruaill. An cupa a thug an tAthair dom, nach n-ólfaidh mé é?” 12  Ansin, gasra na saighdiúirí agus an captaen a bhí orthu, agus na póilíní Giúdacha, rinne siad Íosa a ghabháil agus a cheangal, 13  agus sheol siad ar dtús go dtí Annas é, mar ba é athair céile Cháiafas é a bhí ina ardsagart an bhliain sin. 14  Ba é Cáiafas seo a thug an chomhairle úd do na Giúdaigh gurbh é a leas é go bhfaigheadh aon duine amháin bás ar son an phobail. 15  Rinne Síomón agus deisceabal eile Íosa a leanúint. Ba aithnid an deisceabal sin don ardsagart, agus mar sin chuaigh sé isteach le Íosa i gcúirt an ardsagairt, 16  ach d’fhan Peadar ina sheasamh ag an doras lasmuigh. Ansin chuaigh an deisceabal eile amach—é seo a ba aithnid don ardsagart—labhair leis an mbandoirseoir agus thug Peadar isteach. 17  Labhair an bandoirseoir ansin le Peadar: “An ea gur duine thú de dheisceabail an fhir seo?” Dúirt seisean: “Ní hea.” 18  Bhí na seirbhísigh agus na póilíní tar éis tine ghualaigh a chur síos mar bhí sé fuar, agus bhí siad ina seasamh á ngoradh féin. Bhí Peadar comh maith ina sheasamh in éineacht leo, á ghoradh féin. 19  Cheistigh an t-ardsagart Íosa ansin i dtaobh a dheisceabal agus a theagaisc. 20  D’fhreagair Íosa é: “Labhair mé go poiblí leis an saol. Rinne mé teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus níor dhúirt mé aon ní faoi rún. 21  Cén fáth a bhfuil tú do mo cheistiú-sa? Ceistigh iad siúd a chuala mé faoina ndúirt mé leo. Is iadsan, féach, a bhfuil a fhios acu cad a dúirt mé.” 22  Le linn na cainte sin dó, duine de na póilíní a bhí ina sheasamh láimh leis, bhuail sé buille boise ar Íosa á rá: “An mar sin a fhreagraíonn tú an t-ardsagart?” 23  D’fhreagair Íosa é: “Má labhair mé go héagóir, cruthaigh an éagóir; ach má labhair mé go ceart, cén fáth a mbuaileann tú mé?” 24  Ansin chuir Annas uaidh ar ceangal é ag triall ar Cháiafas an t-ardsagart. 25  Bhí Síomón Peadar ina sheasamh ansiúd á ghoradh féin. Dúirt siad leis: “Nach duine dá dheisceabail thusa chomh maith?” Shéan seisean é: “Ní hea,” ar sé. 26  Dúirt duine de sheirbhísigh an ardsagairt, gaol don duine ar bhain Peadar an chluas de: “Nach bhfaca mé thú sa ghairdín in éineacht leis?” 27  Shéan Peadar arís é, agus ghlaoigh an coileach láithreach. 28  Sheol siad Íosa ansin ó Cháiafas go dtí an Préatóiriam. Bhí sé moch ar maidin. Ní dheachaigh siad isteach sa Phréatóiriam ionas nach dtruailleofaí iad, ach go mba fhéidir dóibh an cháisc a ithe. 29  Mar sin, tháinig Pioláit amach chucu agus dúirt: “Cén cion atá sibh a chur i leith an duine seo?” 30  D’fhreagair siad: “Mura mbeadh gur choirpeach é seo,” ar siad leis, “ní thabharfaimis ar láimh duit é.” 31  Dúirt Pioláit leo: “Tógaigí féin é, agus triailigí é de réir bhur ndlí féin.” Dúirt na Giúdaigh leis: “Ní dleathach dúinne aon duine a chur chun báis”— 32  chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íosa á chur in iúl cén sórt báis ba dhán dó a fháil. 33  Ansin chuaigh Pioláit isteach sa Phréatóiriam arís ag glaoch ar Íosa agus dúirt sé leis: “An tusa rí na nGiúdach?” 34  D’fhreagair Íosa: “An uait féin a deir tú an méid sin, nó an daoine eile a dúirt leat é mar gheall orm?” 35  D’fhreagair Pioláit: “An Giúdach mise? Do náisiún féin agus uachtaráin na sagart a thug ar láimh dom tú. Cad tá déanta agat?” 36  D’fhreagair Íosa: “Ní den saol seo mo ríocht. Dá mba den saol seo mo ríocht, throidfeadh mo sheirbhísigh ionas nach dtabharfaí ar láimh do na Giúdaigh mé. Ach anois ní as seo mo ríocht.” 37  Dúirt Pioláit leis: “Ach is rí thú ámh?” D’fhreagair Íosa: “De réir mar a deir tú, is rí mé. Chuige seo a rugadh mé agus chuige seo a tháinig mé ar an saol—chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach aon duine gur den fhírinne é, éisteann sé le mo ghlór.” 38  Dúirt Pioláit leis: “Cad is fírinne ann?” Agus arna rá sin dó, ghabh sé amach arís chun na nGiúdach, agus dúirt leo: “Ní fhaighim aon chúis daortha ann. 39  Ach tá nós agaibh go scaoilfinn príosúnach chugaibh sa Cháisc. Ar mhaith libh go scaoilfinn chugaibh rí na nGiúdach?” 40  Ach scread siad amach arís: “Ní hé seo, ach Barabas.” Agus robálaí a ba ea Barabas.

Fonótaí