Salm 103:1-22

[Salm le] Dáiví. 103  Beannaigh an Tiarna, a anam liom;go mbeannaí a bhfuil ionam a ainm naofa.  Beannaigh an Tiarna, a anam liom;ná tabhair i ndíchuimhne a thíolacthaí uile.  Maitheann sé do chionta go léir duit;agus leigheasann sé d’easláintí uile.  Fuasclaíonn sé d’anam ón uaigh;corónaíonn sé le buanghrá is le trua thú.  Líonann sé do shaol le nithe fónta;déantar d’óige a athnuachan mar a bheadh iolar.  Cuireann an Tiarna an fhíréantacht i bhfeidhm;tugann sé ceart dá mbíonn faoi dhaorsmacht.  Chuir sé a shlite in iúl do Mhaois;agus a ghníomhartha in iúl do chlann Iosrael.  Is grámhar trócaireach é an Tiarna,foighneach agus lán de cheansacht.  Ní i gcónaí a bheidh sé ag cáineadh;ní de shíor a bheidh sé i bhfeirg linn. 10  Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn;ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé linn. 11  Óir ní airde neamh os cionn talaimhná a bhuanghrá don dream lenarb eagal é. 12  Ní faide an t-oirthear ón iartharná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn. 13  Amhail is trua leis an athair a chlann,is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe. 14  Óir is eol dó an tslí inar cumadh sinnagus is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach. 15  Is cosúil ré an duine le féar;bláthaíonn sé amhail bláth an mhachaire. 16  Téann sé ar ceal le leoithne gaoithe,agus ní fios dá ionad féin é feasta. 17  Ach maireann buanghrá an Tiarna go síoraídon dream ar a mbíonn a eagla, 18  agus a fhíréantacht do chlann a gclainnenuair a chomhlíonann siad a chonradh go dílis,agus go ndéanann siad de réir a thola. 19  Shocraigh an Tiarna a chathaoir ar neamh;agus rialaíonn a ríogacht gach aon ní. 20  Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarnaa dhéanann a réir go cumasach,agus a bhíonn go humhal dá bhriathar. 21  Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna,a lucht fónaimh a dhéanann a thoil. 22  Molaigí an Tiarna, a oibreacha uile an Tiarnai ngach uile áit dá bhfuil faoina réir.Beannaigh an Tiarna, a anam liom.

Fonótaí