Salm 115:1-18
115 Ní dúinne, a Thiarna, ní dúinne,ach do d’ainmse is dleacht an moladhas ucht do bhuanghrá agus d’fhírinne.
2 Cad fáth a ndeir na ciníocha “Cá bhfuil a nDia?”
3 Is ar neamh atá ár nDiana;gach uile ní is áil leis, déanann sé é.
4 Ór agus airgead a n-íolasan,agus saothar láimhe an duine.
5 Tá béal acu ach ní fhéadann siad labhairt;tá súile acu ach ní fheiceann siad dada.
6 Tá cluasa orthu ach ní chluineann siad dada;tá sróna acu ach ní bhfaigheann siad boladh.
7 Tá lámha acu ach ní láimhsíonn siad aon ní;tá cosa acu ach ní thig leo siúl;ní thagann aon ghlór óna scornach.
8 Is ionann cás do lucht a ndéantaagus do chách a chuireann a ndóchas iontu.
9 Tá dóchas chlann Iosrael sa Tiarna;is é is cabhair agus is sciath dóibh.
10 Tá dóchas chlann Árón sa Tiarnais é is cabhair agus is sciath dóibh.
11 Cuireann lucht eagla an Tiarna a ndóchas ann;is é is cabhair agus is sciath dóibh.
12 Is cuimhin leis an Tiarna sinn; beannóidh sé sinn;beannóidh sé clann Iosrael agus clann Árón.
13 Beannóidh sé lucht eagla an Tiarna,idir mhion agus mhór in éineacht.
14 Méadóidh an Tiarna i gcónaí sibh,sibhse agus bhur gclann go léir.
15 Go raibh beannacht an Tiarna anuas oraibhón té a rinne neamh agus talamh.
16 Is leis an Tiarna amháin na flaithis;ach thug sé an talamh don duine.
17 Ní hiad na mairbh a thabharfaidh moladh don Tiarna,ná an drong a ghabhann síos san uaigh.
18 Ach tabharfaimidne moladh don Tiarna,anois agus go brách na breithe.