Salm 148:1-14

148  Alleluia. Molaigí an Tiarna ó na flaithis,molaigí é sna spéartha!  Molaigí é, a aingle Dé,Molaigí é, a shluaite go léir!  Molaigí é, a ghrian is a ghealach,molaigí é, a réaltaí lonracha!  Molaigí é, a fhlaitheasa is airde,agus a uiscí atá os cionn na bhflaitheas!  Molaidís ainm an Tiarna,le hordú uaidh a cruthaíodh iad.  Shocraigh sé go brách iad;thug sé dlí dóibh nach rachaidh ar ceal.  Molaigí an Tiarna ón talamh,a mhíolta mhóra agus a dhuibheagána go léir!  A thine is a chloichshneachta, a shneachta is a cheobhrána,a anfaí gaoithe a chomhlíonann a bhriathar,  a shléibhte agus a chnoca uile,a chranna toraidh agus a chéadrasa! 10  A ainmhithe allta agus clóis,a phéisteanna agus a éanlaith an aeir! 11  A ríthe agus a náisiúna na cruinne,a fhlatha an domhain is a bhreithiúna! 12  A ógánacha agus a chailíní,a sheanóirí agus a leanaí le chéile, 13  molaigí ainm an Tiarna!óir is é amháin is airde,agus sáraíonn a ainmneamh agus talamh in éineacht. 14  D’ardaigh sé neart a phobail;bíonn a naoimh uile á mholadh;molann clann Iosrael é,an pobal atá ina fhogas.Alleluia!

Fonótaí