Salm 66:1-20

Don stiúrthóir. Amhrán. Salm. 66  Gairdigí i láthair Dé, a thíortha uile,  canaigí Salm le hurraim dá ainm.Tugaigí moladh agus glóir dó;  Abraigí le Dia: “Nach éachtach iad d’oibreacha!Tá de mhéid do nirt, a Thiarna,go mbíonn do naimhde ag lútáil i do láthair.  Umhlóidh an domhan uile i d’fhianaiseagus canfaidh siad Salm do d’ainm.”Selah  Téanaigí agus féachaigí oibreacha Dé –na héachtaí a rinne sé idir daoine.  Rinne sé talamh tirim den mhuirionas go ndeachaigh siad de chosa tríd an abhainn;déanaimis gairdeas ann, dá bhrí sin.  Rialaíonn sé lena chumhacht go brách;bíonn a shúile ag faire na náisiúnsula n-éireodh lucht ceannairce ina éadan.  Beannaígí dár nDia, a chiníocha,go gcluintear a mholadh os ard,  óir is é a thug beatha dár n-anamagus nár lig dár gcosa bheith ag tuisliú. 10  Óir is tú, a Dhia, a thástáil sinn,mar a thriailtear an t-airgead sa tine. 11  Sheol tú isteach sa líon sinngur leag tú tromualach anuas orainn. 12  Chuir tú daoine ag marcaíocht sa mhullach orainngo ndeachamar trí thine is trí uisce;ach threoraigh tú amach chun na saoirse sinn. 13  Tabharfaidh mé íobairtí dóite chun do thí liom;leatsa a dhíolfaidh mé mo mhóideanna – 14  na móideanna a gheall mé ó bhéal duitagus a chan mo theanga le linn mo bhuartha. 15  Ofrálfaidh mé caoirigh méithe uileloiscthemar aon le deatach reithí dóite;ofrálfaidh mé damhra agus gabhair duit. 16  Téanaigí, a bhfuil eagla Dé oraibh,go n-inseoidh mé a ndearna sé do m’anam. 17  Ghlaoigh mé os ard air le mo bhéalagus rinne mé a mholadh le mo theanga. 18  Dá gcothóinn an urchóid i mo chroíní éistfeadh an Tiarna liom. 19  Ach d’éist mo Dhia go dearfa;thug sé aire do ghlór mo ghuí. 20  Moladh le Dia nár eitigh mé ar m’achainí,agus nár tharraing a bhuanghrá uaim.

Fonótaí