Salm 77:1-20

Don stiúrthóir. Dé réir Iduthun. Salm Ásáf. 77  [77:2] Glaoim ar Dhia os ard;glaoim os ard i dtreo go n-éistfidh sé.  [77:3] Lorgaim an Tiarna in am mo bhuartha;sínim mo lámha chuige gan sos ar feadh na hoíche,agus diúltaíonn m’anam don sólás.  [77:4] Ligim osnadh is mé ag smaoineamh ar Dhia;ar mo mharana dom is lag liom mo mheanma.Selah  [77:5] Baineann tú codladh na hoíche de mo shúile;ní fhéadaim labhairt le méad mo bhuartha.  [77:6] Smaoiním ar na laethanta a d’imigh;is cuimhin liom na blianta fadó.  [77:7] Déanaim machnamh i mo chroí de shiúl oíche;scrúdaím mé féin ó spiorad.  [77:8] An dtabharfaidh an Tiarna tarcaisne dúinn i gcónaí;an ea nach mbeidh sé bámhar linn feasta?  [77:9] An bhfuil deireadh go deo lena ghrá dúinn;an bhfuil a ghealltanas gan bhrí go brách?  [77:10] Ar thug Dia a thrua i ndíchuimhne;ar bhuaigh an fhearg ar an taise aige?Selah 10  [77:11] Dúirt mé: “Is é mo laigea mheas gur chlaochlaigh deaslámh an Té is Airde.” 11  [77:12] Bím ag cuimhneamh ar oibreacha an Tiarna;ar na hiontais a rinne tú fadó. 12  [77:13] Bím ag smaoineamh ar do ghníomhartha go léir;déanaim machnamh ar d’éachtaí móra. 13  [77:14] Is naofa do shlí, a Thiarna;cén Dia atá chomh mór lenár nDia-na? 14  [77:15] Is tú an Dia a dhéanann éachtaí;thaispeáin tú do chumhacht do na ciníocha. 15  [77:16] Le do chuisle do cheannaigh tú do phobal;clann Iacóib agus fós clann Iósaef.Selah 16  [77:17] Thug na huiscí dá n-aire thú, a Dhia;Thug siad dá n-aire thú agus ghlac siad eagla,agus chrith na duibheagáin le barr sceimhle. 17  [77:18] Bhí na scamaill ag stealladh uisce anuas;bhí na spéartha ag caitheamh toirní go torannach;agus do shaigheada ag scinneadh de gach leith dínn. 18  [77:19] Bhí do thoirneach ag tormáil mórthimpeallagus do splancacha ag soilsiú an tsaoil.Corraíodh an talamh agus chrith sé. 19  [77:20] Bhí do shlí ar fud na farraigeagus do chosáin sna huiscí mórabíodh nach raibh lorg do chos le feiceáil. 20  [77:21] Sheol tú do phobal mar thréadle láimh Mhaois agus Árón.

Fonótaí