Seanfhocail 19:1-29

19  Is fearr an bochtán a mhaireann go fíréantaná an té atá saibhir ach claon ina shlite.  Ní maith í an díograis gan an machnamh;an té a bhrostaíonn a chéim, cailleann sé an tslí.  A bhaois féin a scriosann conách duine,ach is ar an Tiarna a thugann sé aghaidh a chaoraíochta.  Méadaíonn cairde le méadú maoine,ach tréigeann a aon chara an bochtán.  Ní rachaidh an finné bréige gan phionós,agus ní rachaidh fear na mbréag slán.  Bíonn a lán ar thóir fabhar ón bhfial;is cara ag gach aon duine an té a scaipeann bronntanais.  Bíonn fuath ag a dheartháireacha go léir don bhochtán,nach mó ná sin mar a theitheann a chairde uaidh.. . . Bíonn focail de dhíth air, ach ní bhíonn siad ar láimh aige.  An té a aimsíonn an eagna, fónann sé dó féin;an té a dhéanann cúram den tuiscint, aimsíonn sé sonas.  Ní rachaidh an finné bréagach gan phionós,agus scriosfar an té a spalpann éitheach. 10  Ní cuí don amadán maireachtáil i sócamas,agus is lú ná sin is cuí do dhaor bheith i gceannas ar fhlatha. 11  Cuireann ciall srian le fearg duine,agus is glóir dó scaoileadh le coir. 12  Is geall le glam leoin fearg rí,ach le drúcht ar fhéar a ghnaoi. 13  Scriosann amadán mic a athair;is geall le sconna ar sileadh scabhlaeireacht mná. 14  Tagann teach agus maoin mar oidhreacht athar,ach tagann bean chiallmhar ó láimh an Tiarna. 15  Cuireann leisce duine i dtoirchim suain,ach beidh ocras fós ar an duine díomhaoin. 16  An té a choimeádann na haitheanta, coimeádann sé é fein;an té ar beag leis an briathar, gheobhaidh sé bás. 17  An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna,déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé. 18  Cuir smacht ar do mhac fad a mhaireann an dóchas;ná cuir romhat é mhilleadh ar fad. 19  Díolfaidh fear an drochmhianaigh as;scaoil leis agus is measa ná sin [a bheidh an scéal agat]. 20  Tabhair cluas do chomhairle, agus glac le teagasc,le go mbeadh breis gaoise agat as seo amach. 21  Is iomaí beartas a bhíonn á dtaibhreamh do dhuine,ach is é aidhm an Tiarna a sheasfaidh buan. 22  Bíonn súil le dílseacht ó dhuine,agus is fearr bochtán ná bréagaire. 23  Seolann eagla Dé chun na beatha;an té a mbíonn sí aige,bíonn bia agus fothain aige, gan scéin roimh aon olc air. 24  Tumann an leisceoir a chrobh sa mhias,ach ní bhacann le hé a bhreith chun a bhéil. 25  Buail an scigire, agus mar sin is mó a bheidh an t-aineolaí san airdeall;ceartaigh fear na tuisceana agus beidh breis eolais aige. 26  An té a chuireann a athair as seilbh, agus a chuireann a mháthair chun siúil,is mac gan náire é agus ábhar masla. 27  Ná tabhair cluas do theagasc a thuilleadh, a mhic,más d’fhonn faillí a dhéanamh ina bhfuil le rá ag an eolas é. 28  Tugann an drochfhinné tarcaisne don cheart;alpann craos an urchóidigh an t-olc. 29  Tá [an bata] ullamh do scigirí,agus léasadh do dhroim na n-amadán.

Fonótaí