Seanfhocail 20:1-30
20 Tá an fíon gan stuaim, agus is trodaire é an braon crua;níl aon chiall ag an té a mheallann sé.
2 Is geall le glam leoin fearg rí,agus an té a ghriogann chun cuthaigh é, milleann sé a bheatha féin.
3 Is onóir do dhuine aighneas a sheachaint,ach beidh gach amadán ag achrann.
4 Tá an fómhar thart, ach níl aon treabhadh déanta ag an leisceoir;beidh súil in airde aige in am an bhainte, ach ní beidh dada ann dó.
5 Is cuma nó uisce domhain a mbíonn ar aigne ag duine ina chroí istigh;níl ag an duine tuisceanach ach é a tharraingt amach.
6 Is iomaí duine a deir go bhfuil sé féin dílis,ach cé a aimseoidh fear inmhuiníne?
7 An fíréan a bhfuil a bhealaí gan cháim,—is méanar dá chlann ina dhiaidh.
8 An rí a shuíonn ina shuí breithimh,scagann sé gach olc lena shúile.
9 Cé ar féidir leis a rá: “Ghlan mé mo chroí,táim saor ó mo pheaca?”
10 Meáchan anseo, a mhalairt ansiúd; tomhas anseo tomhas eile thall;is gráin leis an Tiarna iadsan araon.
11 Taispeánann an leanbh dúinn fiú agus é ag súgradh,an olc nó an maith a bheidh a bhearta.
12 An tsúil a fheiceann agus an chluas a chluineann,is é an Tiarna a rinne iad araon.
13 Ná bí ceanúil ar an gcodladh, nó beidh an bhochtaine agat mar chéile;bíodh do shúile ar leathadh agus beidh flúirse bia agat.
14 “Níl aon mhaith ann, níl sin,” a deir an ceannaíach imíonn sé leis agus é ag maíomh as féin.
15 Tá an t-ór ann, agus raidhse cloch lómhar,ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar.
16 Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir;bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.
17 Faigheann duine blas milis ar an mbia a fuarthas trí chalaois,ach is geall le grean ina bhéal é ina dhiaidh sin.
18 Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile;agus fear cath le treoir chiallmhar.
19 Déanann an cardálaí rúin a nochtadh;ná bíodh caidreamh agat dá bhrí sin le fear na baothchainte.
20 Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair,múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh.
21 An oidhreacht a fuarthas de gheit ar dtús,ní bheidh beannacht uirthi faoi dheireadh.
22 Ná habair: “Déanfaidh mé an t-olc a chúiteamh”;ach bíodh do dhóchas as an Tiarna agus tiocfaidh sé i gcabhair ort.
23 Is fuath leis an Tiarna malairtí meáchan;ní maith iad na meánna fealltacha.
24 Treoraíonn an Tiarna céimeanna an duine;conas más ea is féidir dó a bhealach a thuiscint?
25 Is gaiste roimh dhuine a rá de phreib: “Tá sé tíolactha.”agus gan machnamh a dhéanamh ach tar éis a mhóide.
26 Déanann an rí cliste na hurchóidigh a cháitheadh,agus tiomáineann an roth tharstu.
27 Sé spiorad an duine lampa an Tiarna,ag spiúnadh doimhneas a chroí.
28 Déanann cinéaltas is dílse an rí a chosaint,agus is í an fhíréantacht teannta a ríchathaoireach.
29 A neart féin glóir na n-ógánach,ach an ceann liath maise na seanóirí.
30 Is maith an leigheas ar an olc buillí créachtaithe;agus glanann buillí an t-ionathar.