Seanfhocail 28:1-28

28  Teitheann an t-urchóideach agus gan aon duine sa tóir air;tá an fíréan chomh cróga le leon.  Bíonn rialtóirí ina scuainí ag tír de bharr a pheacaí;ach is fada buan a mhairfidh sé má bhíonn rialtoirí tuisceanacha eagnaí aige.  An bochtán a luíonn ar na bochtáin,is geall le batharnach báistí é nach bhfágann ruainne le n-ithe.  Lucht tréigthe an dlí, molann siad na hurchóidigh;ach an mhuintir a chomhlíonann é, cuireann siad ina n-aghaidh.  Ní thuigeann na hurchóidigh cad is cóir ann,ach tuigeann lucht eagla an Tiarna gach ní.  Is fearr fear bocht a shiúlann san fhíréantacht,ná fear saibhir na mbealaí claon.  Mac gaoismhear a choimeádann an dlí,ach tugann comrádaí na ndrabhlásach náire dá athair.  An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht,is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.  An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí,is gráiniúlacht fiú a urnaí. 10  An té a chuirfidh an fíréan ar seachrán ar bhealach an oilctitfidh sé isteach ina chuithe féin.Siad an mhuintir neamhchiontach oidhrí an tsonais. 11  Is críonna é an saibhir, dar leis féin,ach béarfaidh an bocht air má bhíonn tuiscint ann. 12  Nuair a bhíonn an lá leis na fíréin, is mór í an lúcháir;nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach. 13  Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta;ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air. 14  Is méanar don té ar a bhfuil eagla [an Tiarna] i gcónaí,ach an té a chruann a chroí, titfidh an tubaiste sa mhullach air. 15  Is cuma nó leon cuthaigh, nó beithir ocrach,drochrialtóir ar phobal bocht. 16  An rialtóir gan stuaim, is fear leatroim é;an té ar fuath leis an tsaint, gnóthóidh sé fad saoil. 17  An té ar a bhfuil fuil duine eile,beidh sé ina theifeach go bás; ná tabhair cabhair dó. 18  Déanfar an té a shiúlann san fhíréantacht a fhuascailt;ach an té a bhíonn go guagach idir dhá bhealach, titfidh sé ar cheann acu. 19  Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún,ach raidhse bochtaine ag an té a leanann beartais bhaotha. 20  Beidh beannachtaí go líonmhar ar an bhfear ionraic,ach an té a bheidh ag iarraidh éirí saibhir go tapa, ní rachaidh sé gan phionós. 21  Ní maith é leathchuma a dhéanamh ar aon duine;ach déanfaidh daoine éagóir ar son ghreim aráin. 22  An fear santach súil, téann sé sa tóir ar an saibhreas;ach ní eol dó cén ghannchúis a bhuailfidh é. 23  An té a cheartaíonn duine eilegheobhaidh sé níos mó fabhair ar deireadh ná fear an bhladair. 24  An té a chreachann a athair nó a mháthair agus a deir:“Ní aon éagóir é sin!”is comrádaí do bhithiúnach é. 25  Spreagann an santach achrainn;an té a bhfuil a mhuinín aige as an Tiarna, beidh an rath air. 26  An té a bhfuil a mhuinín aige as a smaointe féin, is amadán é;ach déanfar an té a shiúlann ar chosán na heagna a fhuascailt. 27  An té a thugann déirc don bhocht, ní bheidh easpa air choíche;ach an té a dhúnann a shúile ina choinne, luífidh mallacht ar mhallacht air. 28  Nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach,ach nuair a théann siad ar ceal, téann breis ar na fíréin.

Fonótaí