Seanfhocail 29:1-27

29  An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál,bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.  Nuair a bhíonn na fíréin i gceannas, bíonn lúcháir ar an bpobal;nuair a bhíonn na hurchóidigh i gcumhacht, bíonn an pobal ag osnaíl.  An té a thugann grá don eagna, cuireann sé áthas ar a athair;ach an té a thaithíonn striapacha, scaipeann sé a chuid.  Daingníonn rí a thír lena cheartas,ach milleann an feallaire é.  An té a thugann bladar dá chomharsa,leathann sé líon faoina chosa.  Tá gaiste [faoi chosa] an urchóidigh,ach ritheann an fíréan ar aghaidh go lúcháireach.  Déanann an fíréan cúram de chearta na mbocht.ní chuireann a leithéid d’eolas as don urchóideach.  Déanann scigirí cíor thuathail de chathracha,ach cuireann saoithe srian le fearg.  Téadh saoi chun argóna le daoi,ach cibé acu i bhfearg nó i ngáire é, ní éireoidh leis. 10  Is fuath le lucht fola an fear gan cháim,ach [is mór le] daoine ionraice a bheo. 11  Scaoileann an t-amadán lena racht feirge,ach cuireann an saoi srian leis agus smacht air. 12  Má éisteann rialtóir le héitheach,beidh a fheidhmeannaigh uile ina ropairí. 13  Castar an bochtán agus an t-úsaire ar a chéile;cuireann an Tiarna léas ina súile araon. 14  Má thugann rí breith ar na boicht le cothromas,bunófar a ríchathaoir go brách. 15  Bronnann an bata agus an ceartú gaois,ach an leanbh a fhágtar faoi féin, cuireann sé náire ar a mháthair. 16  Nuair a bhíonn na hurchóidigh [i gcumhacht], leathnaíonn an peaca;ach feicfidh na fíréin ar lár iad. 17  Smachtaigh do mhac, agus tabharfaidh sé suaimhneas aigne duit;cuirfidh sé áthas ar do chroí. 18  San áit nach mbíonn fís, caitheann an pobal díobh gach srian;ach is beannaithe an té a choimeádann an dlí. 19  Ní le briathra amháin a cheartaítear an daor;fiú má thuigeann sé iad, ní thabharfaidh sé aird orthu. 20  An bhfeiceann tú duine éigin béalscaoilteach?tá níos mó dóchais ann d’amadán ná dósan. 21  An té a bhíonn ag tláithínteacht le daor óna oige,eisean a bheidh [mar oidhre] air faoi dheireadh. 22  Adhnann an fear drochmhianaigh achrann,agus is cúis mhór peaca fear na feirge. 23  Déanfaidh a dhíomas féin fear a threascairt,ach bainfidh an t-uiríseal ó chroí onóir amach. 24  Tá fuath ag comrádaí an ghadaí dá bheo féin;cluineann sé an mhallacht ach ní sceitheann. 25  Is gaiste é eagla roimh dhaoine,ach ní baol don té a chuireann a mhuinín sa Tiarna. 26  Is iomaí duine a bhíonn ag lútáil le rialtóir,ach is ón Tiarna a fhaigheann gach duine a cheart. 27  Is fuath leis an bhfíréan an coirpeach;agus is fuath leis an urchóideach an té is díreach slí.

Fonótaí