Seanfhocail 6:1-35
6 A mhic, má chuaigh tú in urrús le do chomharsa,má chuaigh tú i mbannaí le strainséir,
2 Má chuir do chuid cainte i ngreim thú,má chuir briathra do bhéil faoi chuibhreach thú,
3 Déan mar seo, a mhic, le thú féin a fhuascailtós rud é go bhfuil tú faoi bhois do chomharsan:téigh go tapa, brostaigh, agus bí ag impí ar do chara.
4 Ná lig codladh ar do shúile,ná suaimhneas ar d’fhabhraí.
5 Fuascail thú féin mar a dhéanfadh eilit ó ghaiste,nó éan ó láimh an fhoghlaera.
6 A leisceoir, téigh chun an tseangáin;déan machnamh ar a bhealaí, agus bíodh ciall agat.
7 Níl aon duine le hordú a thabhairt dó,saoiste ná máistir;
8 Ach cóiríonn sé a chuid bia sa samhradh,agus bailíonn a sholáthairtí san fhómhar.
9 An fada a fhanfaidh tú i do luí ansin, a leisceoir?cathain a éireoidh tú ón suan?
10 Bíodh beagán suain, beagán codlata agat;fill do lámha, ábhar, ar mhaithe le socracht,
11 Agus beidh an bhochtaine taobh leat mar fhánaí,agus an ghannchúis, dála an [déirceora].
12 An scraiste, an t-urchóideach,gabhann sé thart agus grabhas air;
13 Luíonn sé súil, scríobann lena chois,agus tugann comharthaí sóirt lena mhéar.
14 Bíonn an feall ina chroí ag beartú oilc,agus bíonn aighneas de shíor á adhaint aige.
15 Tiocfaidh an tubaiste sa mhullach air dá bharrsan;déanfar é a bhascadh go tobann, gan súil le leigheas.
16 Tá sé rudaí is fuath leis an Tiarna,agus is gráin lena chroí seacht gcinn:
17 Súil an uabhair, teanga an éithigh,lámha a dhoirt fuil neamhchiontach,
18 Croí a bheartaíonn cealga,cosa a bhrostaíonn chun an oilc,
19 Finné bréige ag spalpadh éithigh,agus an té a adhnann aighneas i measc a bhráithre.
20 A mhic, coinnigh aithne d’athar,agus ná tréig teagasc do mháthar.
21 Teann le do chroí i gcónaí iad,agus ceangail faoi do bhráid iad.
22 Ag siúl duit, treoróidh siad thú;i do luí duit, déanfaidh siad thú a fhaire;i do dhúiseacht duit, labhróidh siad leat.
23 Is lóchrann í an aithne seoagus is solas é an teagasc;is modh beatha an ceartú agus an smacht,
24 Le thú a chosaint ar an drochbhean,ar theanga shéimh na mná deoranta.
25 Ná cuir dúil do chroí ina scéimh,agus ná lig di thú a chuibhreach lena fabhraí;
26 Is féidir striapach a cheannach ar chanta aráin,ach is ar bheatha mhórluaigh a bhíonn tóir ag an adhaltrach.
27 An féidir le duine tine a iompar ar a uchtgan a chuid éadaigh a dhul trí thine?
28 Nó an féidir le duine siúl ar ghríosachgan a chosa a dhó?
29 Mar sin a bhíonn ag an té a luíonn le bean a chomharsan;ní rachaidh aon duine a bhainfidh léi slán gan phionós.
30 Is beag é an milleán a chuireann daoine ar an ngadaía dhéanann goid lena bholg a líonadh agus ocras air.
31 Ach, má bheirtear air, ní foláir dó cúiteamh faoi seacht,agus maoin a thí go léir a thabhairt suas.
32 Ach níl splinc céille ag an adhaltrach;déan mar é, agus scriosfaidh tú thú féin.
33 Ní bhíonn dá bharr aige ach buillí agus achasáin,agus tarcaisne nach rachaidh ar ceal.
34 Cuireann éad fear le fraoch feirge,agus bíonn sé gan trua gan taise lá an díoltais.
35 Ní ghlacfaidh sé le cúiteamh,ná ní shásófar é dá mhéad a bhronnann tú air.