Uimhreacha 29:1-40
29 Ar an gcéad lá den seachtú mí, bíodh tionól sollúnta agaibh, ná déanaigí aon obair throm. Sé lá séidte na stoc agaibh é.
2 Ofrálaigí mar íobairt loiscthe, mar chumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: tarbh óg, reithe agus seacht n-uan fireann bliana gan mháchail.
3 Mar abhlann de phlúr mín measctha le hola ag gabháil léi bíodh trí dheachú éafá don tarbh, dhá dheachú don reithe,
4 agus deachú do gach ceann de na seacht n-uan.
5 Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca, chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son.
6 Ní foláir an méid sin go léir a dhéanamh de bhreis ar íobairt uileloiscthe na ré nua agus a habhlann, an íobairt uileloiscthe shíoraí agus a habhlann, agus na híobairtí dí a ghabhann leo de réir dlí—cumhracht thaitneamhach, ofráil dhóite don Tiarna.
7 Ar an deichiú lá den seachtú mí seo, bíodh tionól sollúnta agaibh; déanaigí troscadh agus ná déanaigí aon obair throm.
8 Ní foláir daoibh a ofráil mar íobairt uileloiscthe don Tiarna, mar chumhracht thaitneamhach: tarbh óg, reithe, seacht dtogha uain bhliana fhireanna gan mháchail.
9 Leo mar abhlann de phlúr mín measctha le hola, bíodh trí dheachú éafá don tarbh, dhá dheachú don reithe,
10 agus deachú an ceann do na seacht n-uain.
11 Ní foláir pocán gabhair a ofráil don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt pheaca d’fhéile an leorghnímh, agus ar an íobairt uileloiscthe lena n-abhlann agus lena n-íobairtí dí.
12 Ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí obair throm agus ceiliúraigí féile don Tiarna ar feadh seacht lá.
13 Ní foláir daoibh a ofráil mar íobairt uileloiscthe, ofráil dhóite, agus mar chumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: trí tharbh déag óga, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail.
14 Mar abhlann de phlúr mín measctha le hola ag gabháil leo, bíodh trí dheachú d’éafá an ceann don trí tharbh déag, dhá dheachú an ceann don dá reithe,
15 agus deachú an ceann don cheithre uan déag.
16 Bíodh pocán gabhair chomh maith mar íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
17 Ar an dara lá: dhá tharbh déag óga, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail;
18 na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n-uan.
19 Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
20 Ar an tríú lá: aon tarbh déag óg, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail;
21 na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n-uan.
22 Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
23 Ar an gceathrú lá: deich dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail;
24 na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n-uan.
25 Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
26 Ar an gcúigiú lá: naoi dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail;
27 na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n-uan.
28 Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
29 Ar an séú lá: ocht dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail;
30 na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n-uan.
31 Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
32 Ar an seachtú lá: seacht dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana, gan mháchail;
33 na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí, agus na n-uan.
34 Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
35 Ar an ochtú lá bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí aon obair throm,
36 ach ofrálaigí íobairt uileloiscthe, íobairt dhóite, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: tarbh, reithe, seacht n-uan fireann bliana gan mháchail;
37 na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí, agus na n-uan.
38 Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.
39 Sin a bhfuil le déanamh agaibh don Tiarna ar bhur bhféilte sollúnta; de bhreis ar bhur n-ofrálacha móide agus deona, bhur n-íobairtí uileloiscthe, bhur n-abhlanna agus bhur n-íobairtí dí agus bhur n-íobairtí comaoineach.”
40 D’inis Maois do chlann Iosrael go beacht gach ar ordaigh an Tiarna dó.