An mBeidh Deireadh Leis an Domhan Seo?
B’fhéidir gur chuala tú go ndéanann an Bíobla cur síos ar dheireadh an tsaoil. (1 Eoin 2:17) An mbeidh deireadh leis an gcine daonna? An mbeidh gach uile dhúil bheo dá maireann ar an talamh scriosta go hiomlán?
FREAGRAÍONN AN BÍOBLA NACH MBEIDH!
Céard Nach mBeidh Deireadh Leis?
AN CINE DAONNA
An méid atá ráite sa mBíobla: Dia “nár chruthaigh in anord é [an domhain] ach a rinne áit chónaithe de.”—ÍSEÁIA 45:18.
AN DOMHAN
An méid atá ráite sa mBíobla: “Imíonn glúin amháin as agus tagann ceann eile ina háit ach fanann an domhan ann go deo.”—CÓHEILIT 1:4.
AN BHRÍ ATÁ LEIS: Dé réir an Bhíobla, ní scriosfar an domhan go deo agus beidh daoine ina gcónaí air go brách. Mar sin, céard atá i gceist le deireadh an domhain?
SMAOINIGH AR SEO: Déanann an Bíobla comparáid idir deireadh an domhain seo agus an méid a tharla i laethanta Naoi. Ag an am sin, bhí “an talamh lán d’fhoréigean.” (Geineasas 6:13) Ach fear maith ab ea Naoi. Dá bhrí sin thug Dia slán Naoi agus a theaghlach, ach scrios Sé na drochdhaoine le díle. Ag tagairt don díle sin, deir an Bíobla: “gur scriosadh an domhan mar a bhí, óir bádh é le huisce.” (2 Peadar 3:6) Ba é sin deireadh an domhain sin. Ach, céard a scriosadh? Ní hé an talamh a scriosadh, ach na drochdhaoine a bhí ar an talamh. Mar sin, nuair a dhéantar tagairt do dheireadh an domhain sa mBíobla, níl sé ag tagairt do scriosadh an phláinéid seo. Tá sé ag tagairt do dheireadh a chur le drochdhaoine, mar aon leis an gcóras reiligiúnach, polaitiúil, agus eacnamaíocht atá ann faoi láthair.
Céard a Chuirfear Deireadh Leis?
FADHBANNA AGUS OLC
An méid atá ráite sa mBíobla: “Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuine. Féach a ionad! ní ann dó feasta. Ach beidh seilbh an talaimh ag na hísle, beidh a n-aoibhneas i lánmhaireacht an tsuaimhnis.”—SALM 37:10, 11.
AN BHRÍ ATÁ LEIS: Níor chuir an díle mhór in aimsir Naoi deireadh leis an olc go deo. Mar, tar éis na díleann, tháinig drochdhaoine chun cinn, rud a bhain an mhaith as an saol arís do gach duine. Is gearr anois go gcuirfidh Dia deireadh leis an olc. Gealltar sa mBíobla: “Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuine.” Cuirfidh Ríocht Dé, rialtas a rialóidh sochaí de dhaoine dílse ó neamh, deireadh le gach olc.
SMAOINIGH AR SEO: An gcuirfidh siad siúd atá ag rialú an domhain faoi láthair fáilte roimh rialtas Dé? Tugann an Bíobla le fios nach gcuirfidh. Cuirfidh siad i gcoinne Ríocht Dé. (Salm 2:2) Cén toradh a bheidh air? Tiocfaidh Ríocht Dé in áit rialtais dhaonna, agus “seasfaidh sé féin go brách.” (Dainéil 2:44) Ach cén fáth go gcaithfear deireadh a chur le rialtais dhaonna?
TEASTAÍONN—Deireadh a Chur le Rialtais Dhaonna
An méid atá ráite sa mBíobla: “Ní sa duine a shiúlann atá díriú a choiscéimeanna.”—IRIMIA 10:23.
AN BHRÍ ATÁ LEIS: Níor chuir Dia ar chumas an duine é féin a rialú. Níl an duine in ann daoine eile a rialú ná a gcuid fadhbanna a réiteach.
SMAOINIGH AR SEO: Tugann Britannica Academic le fios gur cosúil nach bhfuil aon rialtais in ann “déileáil le fadhbanna cosúil le bochtaineacht, gortaí, galair, tubaiste nádúrtha, cogadh agus foréigean.” Leanann sé ar aghaidh ansin: “Creideann daoine eile . . . nach féidir ach le rialtas domhanda réiteach a fháil ar na fadhbanna seo.” Ach, fiú dá n-aontódh na rialtais go léir, bheadh an domhan fós á rialú ag daoine neamhfhoirfe nach bhfuil in ann na deacrachtaí a luaitear thuas a shárú. Is í Ríocht Dé an t-aon rialtas a bhfuil an chumhacht aici fadhbanna an domhain a réiteach go buan.
Dá bhrí sin, níor chóir go mbeadh eagla ar dhaoine maithe roimh dheireadh an domhain nó deireadh an chórais urchóidigh seo. Ina ionad sin, is cóir dúinn a bheith ag súil go mór leis mar go mbeidh domhan nua Dé in áit an sean-domhan suarach seo!
Cén uair a tharlóidh sé sin go léir? Míneoidh an chéad alt eile freagra na ceiste sin ón mBíobla.