Is Féidir Leat Maireachtáil ar Dhomhan Nua Dé
Léirítear sna hailt roimhe seo go gcuirfidh Dia deireadh go luath leis an gcóras urchóideach atá ann faoi láthair agus a chuid fadhbanna. Is féidir linn a bheith cinnte go dtarlóidh sé seo. Cén fáth? Mar tá sé geallta sa mBíobla:
“Imíonn an saol agus a mhianta ar ceal.”—1 EOIN 2:17.
Is féidir linn a bheith cinnte go dtiocfaidh daoine slán mar geallann an Bíobla:
“An té, áfach, a dhéanann toil Dé mairfidh seisean go deo.”
Dá bhrí sin, chun a theacht slán ní mór dúinn toil Dé a dhéanamh. Chun a fháil amach céard í toil Dé, ní mór dúinn aithne a chur air.
TAR SLÁN TRÍ ‘AITHNE A CHUR’ AR DHIA
Dúirt Íosa: “Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ortsa, an t-aon Dia fírinneach amháin.” (Eoin 17:3) Chun a theacht slán ag deireadh an chórais, agus maireachtáil go deo, caithfidh muid ‘aithne a chur’ ar Dhia. Tá i bhfad níos mó i gceist leis seo ná a admháil go bhfuil Dia ann nó cúpla rud a bheith ar eolas againn faoi. Caithfidh muid a bheith ina gcairde aige. Cosúil le haon chaidreamh eile a theastaíonn uainn a chothú, caithfidh muid am agus obair a chur isteach ann. Breathnóidh muid anois ar roinnt fírinní tábhachtacha ón mBíobla a chabhróidh linn ár gcairdeas le Dia a fhorbairt agus a chothú.
LÉIGH BRIATHAR DÉ, AN BÍOBLA, GACH LÁ
Itheann muid bia go rialta chun fanacht beo. Ach dúirt Íosa: “Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.”—Matha 4:4.
Tá briathar Iehova le fáil sa mBíobla. Agus tú ag déanamh staidéir ar an leabhar naofa sin, foghlaimeoidh tú fírinní tábhachtacha faoi chaidreamh Dé leis an duine san am a caitheamh, anois agus amach anseo.
IARR CABHAIR AR DHIA
Céard is féidir leat a dhéanamh más mian leat treoir Dé a leanúint ach go bhfuil sé deacair agat stopadh ag déanamh rudaí atá mícheart de réir an Bhíobla? Sa gcás sin, cabhróidh sé go mór leat aithne phearsanta a chur ar Dhia.
Tóg mar shampla bhean Áiseach, a bhí ag caitheamh saol drúisiúil. Nuair a thosaigh sí ag staidéar ar an mBíobla, d’fhoghlaim sí faoi ordú Dé, “Seachnaígí an drúis.” (1 Corantaigh 6:18) D’iarr sí ar Dhia í a láidriú agus bhí sí in ann an droch-chleachtas seo a stopadh. Ach bíonn an cathú ann i gcónaí. “Má thagann smaointe mímhorálta chun cuimhne,” a deir sí, “labhraím go macánta le Iehova, mar tá a fhios agam nach féidir liom é seo a throid liom féin. Cabhraíonn na paidreacha liom dlúthchairdeas a chothú le Iehova.” Cosúil leis an mbean sin, tá na milliún duine ag teannadh isteach le Dia. Tá sé ag cur ar a gcumas na hathruithe a theastaíonn uathu a dhéanamh agus maireachtáil de réir a thola.—Filipigh 4:13.
De réir mar a chuirfidh tú aithne ar Dhia, sea is mó ‘aithne a chuirfidh Dia ort’ mar chara luachmhar. (Galataigh 4:9; Salm 25:14) Ansin beidh an deis agat maireachtáil ar dhomhan nua Dé. Ach cén sórt saoil a bheidh ann an uair sin? Míneofar é sin sa gcéad alt eile.
a Tá an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” in An Bíobla Naofa (féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus, faoi An Peintiteoch—Brollach.)