Roghnaigh Tacú le Ríocht Dé Anois!
Samhlaigh go bhfuil stoirm mhór ag teannadh le do cheantar. Tá an rialtas ag cur amach fógraí práinneacha: “TÉIGÍ AMACH! FAIGHIGÍ DÍDEAN ANOIS!” Céard ba cheart duit a dhéanamh? Ba cheart duit dul go dtí áit shábháilte.
Ar bhealach, tá gach duine againn ag maireachtáil i gcosán na “stoirme,” stoirm ar thagair Íosa de mar an “trioblóid mhór.” (Matha 24:21) Ní féidir linn éalú ó chosán na trioblóide sin. Ach is féidir linn rud éigin a dhéanamh chun muid féin a chosaint. Céard é sin?
Thug Íosa Críost an treoir seo ina Sheanmóir ar an Sliabh: “Déanaigí Ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús.” (Matha 6:33) Cén chaoi a ndéanann muid é sin?
Déan Ríocht Dé a lorg ar dtús. Ciallaíonn sé sin gur chóir go mbeadh Ríocht Dé níos tábhachtaí ná aon ní eile inár saol. (Matha 6:25, 32, 33) Cén fáth? Mar níl an duine in ann fadhbanna an chine dhaonna a réiteach. Is í Ríocht Dé amháin atá in ann é sin a dhéanamh.
Lorgaígí a fhíréantacht. Ba chóir dúinn ár ndícheall a dhéanamh maireachtáil de réir dlíthe agus prionsabail fhíréanta Dé. Cén fáth? Mar má roghnaíonn muid féin an rud atá ceart agus mícheart, beidh droch-chinntí mar thoradh air. (Seanfhocail 16:25) Ach má mhaireann muid de réir chaighdeáin Dé, beidh Dia sásta linn agus beidh saol níos fearr againn freisin.—Íseáia 48:17, 18.
Déanaigí Ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús. Thug Íosa foláireamh go bhféadfadh dul amú a bheith ar dhaoine, cuid acu ag ceapadh dá ndéanfaidís go leor airgid Matha 6:19-21, 25-32.
go mbeadh siad slán sábháilte. Caitheann daoine eile an oiread sin ama ag iarraidh a gcuid fadhbanna a réiteach nach mbíonn aon am acu do Ríocht Dé.—Gheall Íosa dóibh siúd a thacaíonn le Ríocht Dé go mbeidh na rudaí a theastaíonn uathu acu anois agus go mbainfidís amach beannachtaí síoraí freisin.—Matha 6:33.
Cé go raibh deisceabail Íosa ag tabhairt tús áite do Ríocht Dé agus a fhíréantacht sa gcéad aois, ní fhaca siad deireadh le pian agus fulaingt. Ach bhí cosaint acu. Cén chaoi?
Mhair siad de réir chaighdeáin Dé, rud a chosain iad ar dheacrachtaí a d’fhulaing siad siúd a rinne neamhaird de dhlí Dé. Chabhraigh an dóchas láidir a bhí acu i dteacht na Ríochta, leo déileáil leis na fadhbanna a d’fhulaing siad. Thug Dia “an chumhacht as cuimse” dóibh ionas go bhféadfaidís dul i ngleic lena gcuid fadhbanna.—2 Corantaigh 4:7-9.
AN nDÉANFAIDH TUSA RÍOCHT DÉ A LORG AR dTÚS?
Ghéill Críostaithe na chéad aoise d’ordú Íosa an Ríocht a lorg ar dtús. D’fhógair siad dea-scéala na Ríochta ina gceantar féin den domhan. (Colosaigh 1:23) An bhfuil aon duine á dhéanamh sin inniu?
Tá! Tuigeann Finnéithe Iehova nach bhfuil mórán ama fágtha sula gcuirfidh Ríocht Dé deireadh le rialtais na linne seo. Mar sin, déanann siad a ndícheall an obair a lua Íosa a dhéanamh: “Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.”—Matha 24:14.
Cén chaoi a nglacfaidh tusa leis an dea-scéala? Molann muid duit aithris a dhéanamh ar mhuintir Bearóia na Macadóine. Nuair a chuala siad an dea-scéal faoin Ríocht ón aspal Pól, “Ghlac siad an briathar go fonnmhar agus bhídís gach lá ag cíoradh na scrioptúr ag féachaint an raibh an scéal mar a dúradh.” Ansin rinne siad beart de réir mar a d’fhoghlaim siad.—Gníomhartha 17:11, 12.
Is féidir leatsa an rud céanna a dhéanamh. Trí Ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, gheobhaidh tú dídean agus cosaint anois agus bainfidh tú taitneamh as síocháin agus slándáil amach anseo.