CEIST 7
Ar Cheart Dom Gnéas a Bheith Agam?
CÉARD A DHÉANFÁ?
Samhlaigh an cás seo: Tá Sadhbh ag dul amach le Maidhc le dhá mhí, ach airíonn sí go bhfuil aithne aici air le fada. Bíonn siad ag téacsáil a chéile agus ar an bhfón seasta. Tá siad in ann abairtí a chéile a chríochnú fiú! Ach anois, tá Maidhc ag iarraidh níos mó ná comhrá.
Le dhá mhí anuas níor tharla eatarthu ach a bheith i ngreim láimhe ina chéile agus corr phóigín. Níl fonn ar Shadhbh a dhul níos faide ná sin. Ach, níl sí ag iarraidh Maidhc a chailleadh ach an oiread. Ní ardaíonn aon duine a croí mar é. ‘Ar aon chaoi,’ a deir sí léi féin, ‘nach bhfuil mé féin agus Maidhc i ngrá . . . ’
Céard a dhéanfá dá mbeifeá sa mbád céanna le Sadhbh?
STOP AGUS SMAOINIGH ORT FÉIN!
Má théann tú i gcoinne dlí fhisicigh, ar nós dlí na domhantarraingthe, beidh tú thíos leis! Is féidir an rud céanna a rá faoi dhlí morálta, cosúil leis an dlí: “Seachnaígí an drúis [nó, an mhímoráltacht].”—1 Corantaigh 6: 18.
Céard a tharlóidh má théitear i gcoinne ar an dlí sin? Deir an Bíobla: “Is in aghaidh a choirp féin a pheacaíonn fear na drúise.” (1 Corantaigh 6:18) Céard is brí leis sin?
Dar le taighdeoirí, is minic a bhíonn cuid de na mothúcháin seo a leanas ag daoine óga a mbíonn gnéas roimh phósadh acu.
-
IMNÍ. Bíonn aiféala ar an gcuid is mó acu.
-
AMHRAS. Is minic a chuireann siad an cheist, ‘Meas tú cé eile a raibh gnéas aige/aici léi/leis?’
-
DÍOMÁ. Is iomaí cailín ar fearr léi ina croí istigh, fear a chosnódh í, seachas fear a bhainfeadh úsáid aisti le haghaidh gnéis. Agus is iomaí buachaill a chailleann suim i gcailín a ghéilleann dó.
-
Bun agus barr an scéil: Tugann tú rud an-luachmhar uait nuair a bhíonn gnéas roimh phósadh agat. (Rómhánaigh 1:24) Tá do cholainn i bhfad róluachmhar le tabhairt uait!
Taispeáin go bhfuil tú in ann seasamh ar do dhá chois féin trí mhímhoráltacht a sheachaint. (1 Teasalónaigh 4:3) Ansin má phósann tú, beidh tú in ann gnéas a bheith agat. Beidh tú in ann sásamh a bhaint as, gan aon imní, aiféala, ná amhras.—Seanfhocail 7: 22, 23; 1 Corantaigh 7:3.
MEAS TÚ:
-
An gcuirfeadh duine a bhfuil fíorghrá acu duit i gcontúirt thú ar aon bhealach?
-
An gcuirfeadh duine a bhfuil cion acu ort cathú ort, nó an gcuirfidís do chaidreamh le Dia i mbaol?—Eabhraigh 13: 4.