AG TOSÚ COMHRÁ
CEACHT 3
Lách Cineálta
Prionsabal: “Bíonn an grá. . .lách.” —1 Cor. 13:4.
An Méid a Rinne Íosa
1. Féach ar an bhFÍSEÁN, nó léigh Eoin 9:1-7. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:
-
Céard a rinne Íosa ar dtús—ar leigheas sé an dall nó ar roinn sé an dea-scéal leis?—Féach Eoin 9:35-38.
Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?
2. Is mó an seans go n-éistfidh duine lenár dteachtaireacht má mhothaíonn sé go bhfuil suim pearsanta againn ann.
Déan Aithris ar Íosa
3. Léirigh comhbhá. Cuir tú féin ina bhróga an duine.
-
Fiafraigh díot féin: ‘Céard a d’fhéadfadh a bheith ag déanamh imní dó? Céard a d’fhéadfadh a bheith cabhrach agus tarraingteach dó?’ Cabhróidh sé seo leat cineáltas a léiriú ar bhealach nádúrtha agus ó chroí.
-
Léirigh go bhfuil suim agat sna rudaí atá tábhachtach do dhuine trí éisteacht leis. Má insíonn duine éigin rún a chroí duit nó má luann sé fadhb éigin atá aige, ná tosaigh ag caint faoi ábhar éigin eile.
4. Labhair go cineálta agus go measúil. Nuair a bhíonn comhbhá agat don duine agus tú ag iarraidh cabhrú leis, beidh sé le mothú sa mbealach a labhraíonn tú. Labhair go séimh agus bí cúramach gan aon rud a rá a d’fhéadfadh cur as don duine.
5. Bí cabhrach. Bí ag faire amach do na deiseanna cuí chun cabhrú leis an duine ar bhealaí praiticiúla. Is féidir le cineáltas comhrá a spreagadh.