Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL 12

Labhair “An Dea-Fhocal Fóinteach”

Labhair “An Dea-Fhocal Fóinteach”

“Ná tagadh oiread agus drochfhocal amháin as bhur mbéal ach an dea-fhocal fóinteach . . . a rachaidh chun sochair don lucht éisteachta.”—EIFISIGH 4:29.

1-3. (a) Luaigh tabhartas amháin atá tugtha ag Iehova dúinn. Cén chaoi a bhféadfadh muid mí-úsáid a bhaint as? (b) Cén chaoi ar cheart dúinn ár gcumas labhartha a úsáid?

 CEANNAÍONN athair rothar mar bhronntanas speisialta dá mhac. Ach má bhíonn an mac ag imeacht fiáin ar an rothar, agus duine éigin a bhualadh agus a ghortú, cén chaoi a mothóidh an t-athair ansin?

2 “Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe” nach dtagann ó Iehova. (Séamas 1:17) Tá ár gcumas labhartha ar cheann de na tabhartais sin. Cuireann sé ar ár gcumas ár gcuid smaointe agus ár gcuid mothúcháin a chur in iúl. Tá muid in ann labhairt le daoine agus misneach a thabhairt dóibh. Ach d’fhéadfadh an méid a bhíonn le rá againn crá croí a chur ar dhuine freisin.

3 Tá ár gcumas labhartha an-chumhachtach, agus múineann Iehova dúinn lena úsáid i gceart. Deir sé linn: “Ná tagadh oiread agus drochfhocal amháin as bhur mbéal ach an dea-fhocal fóinteach . . . a rachaidh chun sochair don lucht éisteachta.” (Eifisigh 4:29) Pléifidh muid anois an chaoi ar féidir linn ár gcumas labhartha a úsáid ar bhealach a chuirfidh gliondar ar Dhia agus ar dhuine.

BÍODH FIOS DO LABHARTHA AGAT

4, 5. Céard is féidir linn a fhoghlaim ó leabhar na Seanfhocal?

4 Tá cumhacht i bhfocail, mar sin ní mór dúinn fios ár labhartha a bheith againn. Deir Seanfhocail 15:4: “Crann beatha í teanga shéimh, ach briseann an urchóid inti an croí.” Díreach mar a chuireann crann álainn atá faoi bhláth ar ár suaimhneas muid, is féidir leis an dea-fhocal an rud céanna a dhéanamh. Ach, gortaíonn caint ghéar daoine agus mothaíonn siad go dona dá barr.—Seanfhocail 18:21.

Cuireann an dea-fhocal ar ár suaimhneas muid

5 “Tá duine ann ar geall le sá claímh a mhearbhriathra,” a deir Seanfhocail 12:18. Cuireann focail mhímhúinte crá croí ar dhuine agus déanann siad dochar do chaidreamh. B’fhéidir gur labhair duine éigin go drochmhúinte leatsa agus gur ghortaigh sé go dona thú. Ach seo mar a léann an chuid eile den seanfhocal: “Bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.” Is féidir le caint thuisceanach an croí cráite a leigheas, agus aon dochar a dhéantar trí mhíthuiscintí a chneasú. (Léigh Seanfhocail 16:24.) Mar sin, ba chóir dúinn cuimhneamh orainn féin sula labhraíonn muid, mar bíonn tionchar ag ár mbriathra ar dhaoine eile.

6. Cén fáth a bhfuil sé deacair againn smacht a choinneáil ar ár dteanga?

6 Tá muid go léir neamhfhoirfe, agus sin cúis eile nach mór dúinn a bheith aireach faoinár mbriathra. “Is ar an olc atá [croí an duine] meáite,” agus is minic a thugann ár mbriathra léargas ar an rud atá inár gcroí. (Geineasas 8:21; Lúcás 6:45) Bíonn sé deacair an teanga a smachtú ag amanna. (Léigh Séamas 3:2-4.) Ní mór dúinn tréaniarracht a dhéanamh an chaoi a labhraíonn muid a fheabhsú.

7, 8. Cén tionchar a bhíonn ag ár mbriathra ar ár gcaidreamh le hIehova?

7 Tá muid freagrach os comhair Iehova as an rud a deir muid agus an chaoi a ndeir muid é, dá bhrí sin ba cheart dúinn srian a choinneáil ar ár dteanga. Deir Séamas 1:26: “An té nach gcoinníonn guaim ar a theanga níl sé ach ag cur dallamullóg air féin más dóigh leis go bhfuil sé ag cleachtadh an chreidimh; is fánach é a chleachtadh creidimh.” Má tá rud “fánach” ciallaíonn sé nach bhfuil aon mhaith ann. (Séamas 2:20) Mar sin, mura mbíonn muid cúramach faoi gach a ndeir muid, d’fhéadfadh muid ár gcaidreamh le hIehova a scriosadh.—Séamas 3:8-10.

8 Is léir go bhfuil cúiseanna maithe againn a bheith cúramach faoin gcaoi a labhraíonn muid. Más linn Iehova a shásamh, ní mór dúinn an cineál cainte nach nglacann sé leis a sheachaint.

CAINT GAN MHAITH

9, 10. (a) Cén cineál cainte atá coitianta i saol an lae inniu? (b) Cén fáth a seachnaíonn muid caint gháirsiúil?

9caint gháirsiúil, agus drochbhéal, an-choitianta sa lá atá inniu ann. Ceapann go leor daoine go gcaithfidh siad eascainí a úsáid chun a bpointe a dhéanamh. Is minic a bhíonn lucht grinn ag brath ar scéalta gáirsiúla agus ar dhroch-chaint chun daoine a chur ag gáire. Ach dúirt an t-aspal Pól: “Ní mór daoibh iad go léir a chaitheamh uaibh anois: caithigí uaibh an fhearg, an cuthach agus an mhailís; agus ná bíodh achasán ná caint ghraosta in bhur mbéal agaibh.” (Colosaigh 3:8) Dúirt sé freisin faoina rudaí sin: “Ná luaitear in bhur measc iad fiú amháin.”—Eifisigh 5:3, 4.

10 Ní maith le hIehova, ná leo siúd a bhfuil grá acu dó, caint gháirsiúil. Tá sí neamhghlan. Sa mBíobla, tá “gáirsiúlacht” luaite mar cheann de na tréithe ar a dtugtar “gníomhartha na colainne.” (Galataigh 5:19-21) Tá baint ag “gáirsiúlacht” le go leor peacaí éagsúla. Is minic a leanann nós gáirsiúil amháin nós gáirsiúil eile. Más nós le duine caint gháirsiúil a úsáid agus nach bhfuil sé sásta éirí aisti, cuireann sé a bhallraíocht sa bpobal Críostaí i mbaol.—2 Corantaigh 12:21; Eifisigh 4:19; féach ar Aguisín 23.

11, 12. (a) Céard í an chúlchaint mhailíseach? (b) Cén fáth nach mbeadh sé ceart clúmhilleadh a dhéanamh ar aon duine?

11 Ní mór dúinn freisin cúlchaint mhailíseach a sheachaint. Tá sé nádúrtha go mbeadh suim againn i ndaoine eile agus go mbeadh muid ag roinnt na scéalta is nuaí faoinár gcairde agus ár dteaghlach. Theastaigh ó na Críostaithe sa gcéad aois, mar shampla, fáil amach cén chaoi a raibh a mbráithre agus céard a d’fhéadfaidís a dhéanamh ar a son. (Eifisigh 6:21, 22; Colosaigh 4:8, 9) Ach is furasta le comhrá faoi dhaoine eile, críochnú ina chúlchaint. Má scaipeann muid an chúlchaint, d’fhéadfadh sé go mbeadh muid ag rá rudaí nach bhfuil fíor, nó ag caint faoi rudaí a chóir a choinneáil príobháideach. Nó d’fhéadfadh muid a bheith ag cur bréaga ar dhuine eile, nó ag déanamh clúmhilleadh air. Rinne na Fairisínigh clúmhilleadh ar Íosa nuair a chuir siad bréaga ina leith. (Matha 9:32-34; 12:22-24) Nuair a dhéantar clúmhilleadh ar dhuine bíonn achrann agus pian dá bharr agus milltear cairdeas.—Seanfhocail 26:20.

12 Is mian le hIehova go n-úsáidfeadh muid ár dteanga chun daoine eile a spreagadh, agus ní chun naimhde a dhéanamh dóibh. Tá an ghráin ag Iehova ar an té a chothaíonn “aighneas i measc a bhráithre.” (Seanfhocail 6:16-19) Ba é Sátan an chéad neach a rinne béadchaint nuair a rinne sé clúmhilleadh ar Dhia. (Apacailipsis 12:9, 10) Tá bréagadóireacht an-choitianta inniu, ach níor cheart go dtarlódh sé sa bpobal Críostaí. (Galataigh 5:19-21) Mar sin, ba cheart dúinn smaoineamh orainn féin sula labhraíonn muid. Sula dtosaíonn tú ag athrá rud éigin faoi dhuine eile, fiafraí díot féin: ‘An bhfuil an méid atá le rá agam fíor? An bhfuil sé cineálta? An bhfuil sé cabhrach? An mbeinn ag iarraidh go gcloisfeadh an té a bhfuil mé ag caint faoi, mo chomhrá? Cén chaoi a n-aireoinn dá ndéarfadh duine éigin rud mar sin fúmsa?’—Léigh 1 Teasalónaigh 4:11.

13, 14. (a) Cén tionchar a bhíonn ag íde béil ar dhaoine? (b) Céard é an t-achasán? Cén fáth nár cheart do Chríostaithe daoine eile a cháineadh?

13 Deir muid go léir rudaí uaireanta, a mbíonn aiféala orainn fúthu. Ach níl muid ag iarraidh go mbeadh sé de nós againn a bheith ag cáineadh daoine nó ag rá rudaí fúthu nach bhfuil cineálta nó atá cruálach. Níl aon áit inár saol ag an íde béil. Fágtar daoine a ndéantar íde béil orthu gan féinmheas agus mothaíonn siad nach fiú dada iad. Ní mór dúinn a bheith cúramach go háirithe nuair a labhraíonn muid le páistí, mar tá sé an-éasca iad a ghortú.—Colosaigh 3:21.

14 Cuireann an Bíobla fainic orainn faoi achasán—a bheith de shíor ag cáineadh daoine chun iad a ghortú in aon turas. Nár mhór an trua dá gcaithfeadh duine lena chéile pósta nó lena pháistí ar an mbealach sin! Ní fhéadfaidh duine a dhiúltaíonn éirí as an achasán fanacht ina bhall den phobal Críostaí. (1 Corantaigh 5:11-13; 6:9, 10) Má bhíonn muid ag rá rudaí gáirsiúla, ag bréagadóireacht, nó ag cáineadh daoine, níl aon dabht ach go ndéanfaidh muid dochar dár gcaidreamh le hIehova agus le daoine eile.

CAINT A RACHAIDH CHUN SOCHAIR

15. Cén cineál cainte a neartaíonn caidreamh?

15 Cén chaoi ar féidir linn ár gcumas labhartha a úsáid ar bhealach a thabharfadh sásamh d’Iehova? Molann an Bíobla dúinn gan a rá ach “an dea-fhocal fóinteach . . . a rachaidh chun sochair don lucht éisteachta.” (Eifisigh 4:29) Tá an dea-fhocal, glan, cineálta, agus fíor. Tá Iehova ag iarraidh orainn ár dteanga a úsáid chun daoine a spreagadh. D’fhéadfadh sé sin a bheith dúshlánach. Tá sé níos éasca rudaí cruálacha a rá faoi dhaoine ná rudaí maithe (Títeas 2:8) Déanfaidh muid plé ar chuid de na bealaí inar féidir linn daoine a spreagadh.

16, 17. (a) Cén fáth ar cheart dúinn daoine eile a mholadh? (b) Cé is féidir linn a mholadh?

16 Tugann Iehova agus Íosa moladh go fial flaithiúil. Ba mhaith linn aithris a dhéanamh orthu. (Matha 3:17; 25:19-23; Eoin 1:47) Ní mór dúinn spéis a léiriú i nduine más linn moladh a thabhairt dó a spreagfaidh é. Deir Seanfhocail 15:23: “Nach maith é an focal i dtráth!” Ardaíonn sé ár gcroí nuair a mholtar muid nó nuair a ghlactar buíochas linn.—Léigh Matha 7:12; féach ar Aguisín 27.

17 Beidh sé níos éasca agat moladh ó chroí a thabhairt, má bhíonn sé de nós agat suntas a thabhairt do dhea-thréithe daoine eile. Mar shampla, b’fhéidir go dtabharfá faoi deara go bhfuil duine sa bpobal a oibríonn go dúthrachtach chun caint a chur i láthair, nó freagra a thabhairt ag na cruinnithe. B’fhéidir go bhfuil duine óg ann a bhíonn ag seasamh an fhóid ar son na fírinne ar scoil, nó duine atá ag dul in aois a ghlacann páirt go rialta san obair chraobhscaoilte. An mbeadh tusa in ann cúpla focal spreagúil a rá leo chun misneach a thabhairt dóibh? Tá sé an-tábhachtach freisin go gcuirfeadh fear céile a ghrá agus a mheas in iúl dá bhean. (Seanfhocail 31:10, 28) Díreach mar a theastaíonn solas agus uisce ó phlandaí, teastaíonn moladh agus meas ó dhaoine. Tá sé seo fíor go mór mór ó thaobh páistí de. Tapaigh do dheis chun iad a mholadh as ucht a gcuid dea-thréithe agus a ndúthracht. Tabharfaidh an moladh seo misneach agus muinín dóibh agus spreagfaidh sé iad le bheith níos díograisí fós chun an ceart a dhéanamh.

Is féidir leis an gcaoi a labhraíonn muid daoine eile a spreagadh agus sólás a thabhairt dóibh

18, 19. Cén fáth ar cheart dúinn ár ndícheall a dhéanamh daoine eile a spreagadh? Cén chaoi ar féidir linn é sin a dhéanamh?

18 Nuair a thugann muid misneach agus sólás do dhaoine eile leanann muid sampla Iehova. Tá an-suim aige iontu siúd atá “uiríseal” agus tá sé ag iarraidh “misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.” (Íseáia 57:15) Is mian le hIehova go leanfadh muid orainn “ag spreagadh a chéile” agus ag tabhairt sóláis do “na daoine faiteacha [nó, iad siúd atá in ísle brí.]” (1 Teasalónaigh 5:11, 14) Tugann Iehova suntas do na hiarrachtaí a dhéanann muid agus bíonn sé buíoch.

19 B’fhéidir go dtabharfá faoi deara go bhfuil drochmhisneach ar dhuine éigin sa bpobal. Céard is féidir leat a rá chun cabhrú leis? Cé gur dóigh nach féidir leat an fhadhb a réiteach, is féidir leat do dhea-mhéin a chur in iúl. Mar shampla, d’fhéadfá roinnt ama a chaitheamh in éineacht leis. D’fhéadfá véarsa ón mBíobla a léamh chun é a spreagadh, agus paidir a rá ar a shon dá mba mhian leis é. (Salm 34:19 [34:18 i mBíoblaí eile]; Matha 10:29-31) Meabhraigh dó go bhfuil grá ag a chuid bráithre dó. (1 Corantaigh 12:12-26; Séamas 5:14, 15) Labhair ar bhealach a léiríonn go bhfuil tú lándáiríre faoin méid atá á rá agat.—Léigh Seanfhocail 12:25.

20, 21. Céard a chabhraíonn le daoine glacadh le comhairle?

20 Spreagann muid daoine eile freisin nuair a chuireann muid comhairle mhaith orthu. De bhrí go bhfuil muid go léir neamhfhoirfe, teastaíonn comhairle uainn ó am go ham. Deir Seanfhocail 19:20: “Tabhair cluas do chomhairle, agus glac le teagasc, le go mbeadh breis gaoise agat as seo amach.” Ní hiad na seanóirí an t-aon dream ar féidir leo comhairle a thabhairt. Caithfidh tuismitheoirí a gcuid páistí a threorú. (Eifisigh 6:4) Is féidir leis na mná sa bpobal Críostaí comhairle mhaith a chur ar a chéile. (Títeas 2:3-5) Tá grá againn dár mbráithre agus dá bhrí sin níl muid ag iarraidh iad a chomhairliú ar bhealach a chuirfeadh lagmhisneach orthu. Céard a chabhródh linn?

21 B’fhéidir gur chuir duine éigin comhairle mhaith ortsa ar bhealach a raibh éasca agat glacadh léi. Cén fáth a raibh an chomhairle sin éifeachtach? B’fhéidir gur mhothaigh tú gur ar mhaithe leat a bhí an duine sin. Nó b’fhéidir gur labhair sé nó sí leat ar bhealach cineálta grámhar. (Colosaigh 4:6) Seans go raibh an chomhairle bunaithe ar an mBíobla. (2 Tiomóid 3:16) Ba cheart go mbeadh bunús scrioptúrtha le haon chomhairle a thugann muid, tagraíodh muid don Bhíobla nó ná tagraíodh. Níor cheart go mbrúfadh duine ar bith a chuid tuairimí féin ar dhaoine eile, ná mí-úsáid a bhaint as na scrioptúir chun tacú lena gcuid tuairimí féin. Má dhéanann tú machnamh ar an mbealach inar cuireadh comhairle ort féin, cabhróidh sé leat nuair a chuireann tusa comhairle ar dhaoine eile.

22. Cén chaoi ar mhaith leat do chumas labhartha a úsáid?

22 Is bronntanas ó Dhia é ár gcumas labhartha. Ba chóir go spreagfadh ár ngrá d’Iehova muid chun é a úsáid i gceart. Cuimhnigh go bhfuil na focail a thagann amach as ár mbéal in ann an mothú a bhaint as daoine, nó iad a spreagadh. Dá bhrí sin, déanadh muid ár ndícheall daoine eile a neartú agus a spreagadh.