Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL 3

Roghnaigh Cairde a Bhfuil Grá Acu do Dhia

Roghnaigh Cairde a Bhfuil Grá Acu do Dhia

“An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí.”—SEANFHOCAIL 13:20.

1-3. (a) Céard atá le foghlaim againn ó Seanfhocail 13:20? (b) Cén fáth nach mór dúinn a bheith ciallmhar nuair a bhíonn muid ag roghnú cairde?

 AR THUG tú faoi deara riamh an chaoi a mbíonn páiste ag faire ar a chuid tuismitheoirí? Fiú amháin sula mbíonn sé in ann caint, súnn sé isteach gach a bhfeiceann sé agus gach a gcloiseann sé. De réir mar a théann sé in aois, tosaíonn sé ag déanamh aithris ar a thuismitheoirí i ngan fhios dó féin. Ní iontas ar bith mar sin go ndéanann daoine fásta aithris ar na daoine is mó a gcoinníonn siad comhluadar leo.

2 Deir Seanfhocail 13:20 linn: “An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí.” Nuair a bhíonn cion againn ar dhuine, bíonn fonn orainn a bheith ina chomhluadar. Dúirt scoláire amháin gurb éard atá i gceist le caidreamh sa véarsa seo ná cion a bheith againn ar dhuine agus cairdeas a bheith againn leis. Imríonn ár gcomhluadar an-tionchar orainn, go mór mór iad siúd a bhfuil cion againn orthu.

3 Is féidir lenár gcairde dea-thionchar nó drochthionchar a bheith acu orainn. Leanann Seanfhocail 13:20 ar aghaidh: “Bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.” Nuair a roghnaíonn muid cairde a bhfuil grá acu do Dhia spreagann siad muid chun fanacht dílis dó. Chun cabhrú linn ár gcairde a roghnú go ciallmhar, déanfaidh muid plé ar an gcineál daoine a roghnaíonn Iehova le bheith mar chairde aige féin.

CÉ hIAD CAIRDE DÉ?

4. Cén fáth gur onóir mhór é a bheith i do chara ag Dia? Cén fáth ar thug Iehova “mo chara” ar Abrahám?

4 Tugann Iehova, an Dia uilechumhachtach, deis dúinn a bheith mar chairde aige. Is mór an onóir í seo. Roghnaíonn Iehova a chairde go cúramach. Roghnaíonn sé iad siúd a chreideann ann agus a bhfuil grá acu dó. Tóg mar shampla, Abrahám. Bhí sé réidh le gach ar iarr Dia air a dhéanamh. Arís agus arís eile, léirigh Abrahám go raibh sé dílis agus umhal. Bhí sé sásta a mhac Íosác a ofráil mar íobairt fiú, mar “chreid sé go bhféadfadh Dia Íosác a thógáil ó na mairbh.” (Eabhraigh 11:17-19; Geineasas 22:1, 2, 9-13) Bhí Abrahám dílis agus umhal, agus thug Iehova “mo chara” air.—Íseáia 41:8; Séamas 2:21-23.

5. Cén chaoi a mothaíonn Iehova fúthu siúd atá dílis dó?

5 Is mór ag Iehova a chairde. Tugann a chairde tús áite dá ndílseacht dósan. (Léigh 2 Samúéil 22:26.) Tá siad dílis agus umhal de bhrí go bhfuil grá acu dó. Deir an Bíobla go bhfuil “gean an Tiarna ar lucht a eaglaithe.” (Salm 25:14) Tugann Iehova cuireadh dá chairde a bheith ina n-aíonna speisialta ina “bhoth.” Tugann sé cuireadh dóibh freisin é a adhradh agus guí chuige am ar bith ar mian leo.—Salm 15:1-5.

6. Cén chaoi ar féidir linn ár ngrá d’Íosa a léiriú?

6 Dúirt Íosa: “Má bhíonn grá ag duine dom, . . . coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m’Athair dó.” (Eoin 14:23) Mar sin, chun a bheith mar chara ag Iehova, caithfidh muid grá a bheith againn d’Íosa freisin agus an rud a d’ordaigh sé dúinn a dhéanamh. Mar shampla, comhlíonann muid an t-ordú a thug Íosa dúinn an dea-scéal a chraobhscaoileadh agus deisceabail a dhéanamh. (Matha 28:19, 20; Eoin 14:15, 21) Ós rud é go bhfuil grá againn d’Íosa, leanann muid “lorg” a choiscéimeanna. (1 Peadar 2:21) Bíonn Iehova sásta nuair a fheiceann sé go bhfuil muid ag déanamh ár ndícheall aithris a dhéanamh ar a Mhac i ngach gné dár saol.

7. Cén fáth nach mór dúinn a chinntiú go bhfuil ár gcairde ina gcairde ag Iehova?

7 Tá cairde Iehova dílis agus umhal, agus tá grá acu dá Mhac. An roghnaíonn muidne an cineál céanna cairde is a roghnaíonn Iehova? Má tá cairde agat a dhéanann aithris ar Íosa agus atá gnóthach ag craobhscaoileadh faoi Ríocht Dé, cabhróidh siad leat forbairt mar dhuine agus fanacht dílis d’Iehova.

DEA-SHAMPLAÍ ÓN mBÍOBLA

8. Céard a thaitníonn leatsa faoin gcairdeas a bhí idir Rút agus Náoimí?

8 Tá cur síos déanta sa mBíobla ar go leor daoine a bhí cairdiúil lena chéile, daoine cosúil le Rút agus a máthair chéile, Náoimí. Tháinig na mná seo ó thíortha agus ó chúlraí difriúla, agus bhí Náoimí i bhfad níos sine ná Rút. Ach bhí cairdeas eatarthu toisc go raibh grá acu araon d’Iehova. Nuair a bhí Náoimí ag iarraidh Móáb a fhágáil agus filleadh ar Iosrael, “chloígh Rút léi go dlúth.” Dúirt sí le Náoimí: “Siad do mhuintirse is muintir domsa, agus is é do Dhia is Dia domsa.” (Rút 1:14, 16) Bhí Rút an-chineálta le Náoimí. Nuair a shroich siad Iosrael, d’oibrigh Rút go crua, chun cabhrú lena cara. Bhí Náoimí an-mhór le Rút agus chuir sí comhairle mhaith uirthi. D’éist Rút léi, agus mar thoradh ar sin bheannaigh Iehova iad.—Rút 3:6.

9. Céard a théann i gcion ortsa faoin gcairdeas a bhí idir Dáiví agus Iónátán?

9 Ba chairde maithe iad Dáiví agus Iónátán. Bhí Iónátán thart ar 30 bliain níos sine ná Dáiví agus bhí sé le teacht i gcomharbacht ar a athair, Sól, mar rí ar Iosrael. (1 Samúéil 17:33; 31:2; 2 Samúéil 5:4) Mar sin féin, nuair a fuair sé amach gurbh é Dáiví a bhí roghnaithe ag Iehova le bheith mar rí, ní raibh sé in éad leis. Ina ionad sin, rinne Iónátán an méid a bhí sé in ann chun tacú le Dáiví. Mar shampla, nuair a bhí Dáiví i gcontúirt, chabhraigh Iónátán leis agus “thug misneach dó in ainm Dé.” Chuir sé a bheatha féin i mbaol chun teacht i gcabhair ar Dháiví. (1 Samúéil 23:16, 17) Ba chara dílis é Dáiví freisin. Gheall sé go dtabharfadh sé aire do theaghlach Iónátán agus choinnigh sé an gealltanas sin fiú tar éis bhás Iónátán.—1 Samúéil 18:1; 20:15-17, 30-34; 2 Samúéil 9:1-7.

10. Céard a d’fhoghlaim tú faoi chairdeas ón triúr Eabhrach?

10 Ba thriúr cairde Eabhracha iad Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó, a fuadaíodh agus gan iad ach ina ndéagóirí. Chabhraigh siad lena chéile fanacht dílis d’Iehova cé go raibh siad i bhfad óna gcuid teaghlaigh. Nuair a bhí siad níos sine, tástáladh a gcreideamh nuair a d’ordaigh an rí Nabúcadnazar dóibh íomhá órga a adhradh. Dhiúltaigh Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó an íomhá a adhradh agus dúirt siad leis an rí: “Bíodh a fhios agat, a rí, nach bhfónfaimid do do dhia ná nach n-adhrfaimid an íomhá atá curtha in airde agat.” D’fhan an triúr cairde seo dílis do Dhia.—Dainéil 1:1-17; 3:12, 16-23, 91-95 (3:24-28 i mBíoblaí eile).

11. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go raibh Pól agus Tiomóid an-chairdiúil lena chéile?

11 Nuair a chas Pól ar an bhfear óg, Tiomóid, ba léir do Phól go raibh grá ag Tiomóid d’Iehova agus go raibh an-suim aige sna bráithre. Mar sin thraenáil Pól Tiomóid chun cabhair a thabhairt do na bráithre i bhfad agus i ngearr. (Gníomhartha 16:1-8; 17:10-14) Dúirt Pól gur oibrigh Tiomóid go crua lena thaobh “ar son an dea-scéil, mar a bheadh mac ag fónamh dá athair.” Bhí a fhios ag Pól go dtabharfadh Tiomóid aire mhaith do na bráithre. De réir mar a d’oibrigh siad go crua le chéile ag tabhairt seirbhís d’Iehova, neartaigh an cairdeas a bhí eatarthu.—Filipigh 2:20-22; 1 Corantaigh 4:17.

AG ROGHNÚ CAIRDE

12, 13. (a) Cén fáth nach mór dúinn ár gcairde a roghnú go cúramach, fiú sa bpobal Críostaí? (b) Cén fáth ar thug Pól an foláireamh atá le fáil i 1 Corantaigh 15:33?

12 Tá go leor le foghlaim againn ónár mbráithre sa bpobal agus is féidir linn tacaíocht a thabhairt dá chéile le fanacht dílis. (Léigh Rómhánaigh 1:11, 12.) Ní mór dúinn a bheith cúramach, fiú sa bpobal Críostaí, faoi na cairde a roghnaíonn muid. Tá bráithre againn as gach cultúr agus cúlra. Is baill nua den phobal cuid acu agus tá cuid eile ag tabhairt seirbhís d’Iehova le fada an lá. Tógann sé am ar dhuine a chaidreamh le hIehova a neartú, díreach mar a thógann sé am ar phlanda fás. Mar sin, ní mór dúinn a bheith foighneach agus grámhar lena chéile, agus ár gcairde a roghnú go ciallmhar.—Rómhánaigh 14:1; 15:1; Eabhraigh 5:12–6:3.

13 Ó am go chéile, d’fhéadfadh sé go dtarlódh rud tromchúiseach sa bpobal, agus ní mór dúinn a bheith an-airdeallach. D’fhéadfadh duine de na bráithre a bheith ag déanamh rud éigin nach bhfuil ceart ó thaobh an Bhíobla de. Nó b’fhéidir go mbeadh duine éigin ag gearán de shíor, rud a dhéanfadh dochar don phobal. Ní iontas ar bith é seo, mar bhí fadhbanna i bpobal na chéad aoise chomh maith. Go deimhin, dúirt an t-aspal Pól leis na Críostaithe ag an am sin: “Ná bíodh aon dul amú oraibh: milleann drochchomhluadar dea-bhéasa.” (1 Corantaigh 15:12, 33) Dúirt Pól le Tiomóid freisin a bheith cúramach faoi cé a roghnódh sé le bheith mar chara aige. Ní mór dúinne an rud céanna a dhéanamh inniu.—Léigh 2 Tiomóid 2:20-22.

14. Cén tionchar a bhíonn ag na cairde a roghnaíonn muid ar ár gcaidreamh le hIehova?

14 Ní mór dúinn ár gcaidreamh le hIehova a chosaint. Is é an rud is luachmhara atá againn é. Mar sin, ní bheidh cairdeas againn le duine ar bith a chuireann ár gcreideamh nó ár gcairdeas le Dia i mbaol. Dá gcuirfeadh muid spúinse i bhfínéagar ní bheadh muid ag súil go líonfaí le huisce é. Ar an gcaoi chéanna, ní féidir linn a bheith ag coinneáil comhluadair le daoine atá ag déanamh drochrudaí agus a bheith ag súil go mbeidh sé éasca againn an rud ceart a dhéanamh. Ní mór dúinn ár gcairde a roghnú go cúramach.—1 Corantaigh 5:6; 2 Teasalónaigh 3:6, 7, 14.

Is féidir leat cairdeas a bheith agat le daoine a ghránn Iehova

15. Cén chaoi ar féidir leat cairde maithe a dhéanamh sa bpobal Críostaí?

15 Tá daoine a bhfuil fíorghrá acu d’Iehova le fáil sa bpobal Críostaí. Is féidir leo a bheith ina gcairde agat. (Salm 133:1) Ná bí ag lorg cairde i measc d’aoisghrúpa nó do chúlra féin amháin. Cuimhnigh go raibh Iónátán i bhfad níos sine ná Dáiví agus go raibh Rút i bhfad níos óige ná Náoimí. Tá muid ag iarraidh comhairle an Bhíobla a leanúint: “Osclaígí bhur gcroíthe amach.” (2 Corantaigh 6:13, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn; léigh 1 Peadar 2:17.) Dá mhéad a dhéanann tú aithris ar Iehova, is ea is mó a bheidh daoine ag iarraidh a bheith mar chara agat.

AG DÉILEÁIL LE FADHBANNA

16, 17. Má chuireann duine éigin sa bpobal trína chéile muid céard nár cheart dúinn a dhéanamh?

16 Bíonn a phearsantacht féin agus a thuairimí féin ag gach duine i dteaghlach. Tá sé seo fíor freisin sa bpobal Críostaí. Cuireann an éagsúlacht seo leis an saol agus is féidir linn go leor a fhoghlaim óna chéile. Uaireanta, ní thuigeann muid ár mbráithre mar gheall ar na difríochtaí atá eadrainn agus b’fhéidir go mbeadh muid cantalach leo. Uaireanta eile, d’fhéadfadh sé go ndéarfadh duine rud éigin a ghoillfeadh go mór orainn. (Seanfhocail 12:18) Ar cheart dúinn lagmhisneach a bheith orainn nó fanacht sa mbaile ó na cruinnithe mar gheall ar na fadhbanna seo?

17 Níor cheart. Fiú dá gcuirfeadh duine éigin díomá orainn ar bhealach éigin ní fhanfadh muid as láthair ó na cruinnithe. Ní hé Iehova a chur díomá orainn. Eisean a thug dúinn gach a bhfuil againn. Tá ár ngrá agus ár ndílseacht tuillte aige. (Apacailipsis 4:11) Is bronntanas ó Iehova é an pobal Críostaí, bronntanas a thug sé dúinn chun ár gcreideamh a choinneáil láidir. (Eabhraigh 13:17) Níl muid ag iarraidh an bronntanas sin a dhiúltú, díreach mar gur chuir duine éigin díomá orainn.—Léigh Salm 119:165.

18. (a) Céard a chabhróidh linn caidreamh maith a bheith againn lenár mbráithre? (b) Cén fáth ar cheart dúinn maithiúnas a thabhairt do dhaoine eile?

18 Tá grá againn dár mbráithre agus tá muid ag iarraidh caidreamh maith a bheith againn leo. Níl Iehova ag súil le foirfeacht ó aon duine agus níl sé ceart againne a bheith ag súil leis ach an oiread. (Seanfhocail 17:9; 1 Peadar 4:8) Déanann muid go léir botúin, ach cabhróidh an grá linn maithiúnas a thabhairt dá chéile. (Colosaigh 3:13) Cabhróidh grá linn gan a bheith ag déanamh scéal mór de rudaí fánacha. Bíonn sé deacair rudaí a chur amach as ár gcloigeann nuair a chuireann duine éigin trína chéile muid. Tá sé éasca fáil feargach agus é a choinneáil istigh don duine sin. Ach, má dhéanann muid é sin, is muid féin a bheidh thíos leis. Ar an lámh eile, má thugann muid maithiúnas don té a chuir as dúinn, is féidir linn suaimhneas intinne a bheith againn, beidh an pobal aontaithe, agus níos tábhachtaí ná sin, beidh caidreamh maith againn le hIehova.—Matha 6:14, 15; Lúcás 17:3, 4; Rómhánaigh 14:19.

NUAIR A CHUIRTEAR COSC COMHLUADAIR AR DHUINE

19. Cén uair ar chóir dúinn stopadh ag coinneáil comhluadair le duine sa bpobal Críostaí?

19 Déanann gach ball de theaghlach grámhar a ndícheall a bheith go deas lena chéile. Ach samhlaigh go dtosaíonn duine amháin ag déanamh drochrudaí. Déanann gach duine sa gclann iarracht arís agus arís eile cabhrú leis, ach ní ghlacann sé leis an gcabhair sin. Beartaíonn sé an teach a fhágáil, nó b’fhéidir go gcaithfeadh ceann an teaghlaigh a rá leis fágáil. Is féidir leis an rud céanna tarlú sa bpobal. D’fhéadfadh sé go leanfadh duine air ag déanamh rudaí a ghoilleann ar Iehova agus a dhéanfadh dochar don phobal Críostaí. Diúltaíonn sé cabhair agus léiríonn sé trí na rudaí a dhéanann sé nach bhfuil sé ag iarraidh a bheith mar bhall den phobal feasta. B’fhéidir go roghnódh sé an pobal a fhágáil, nó b’fhéidir go gcaithfí cosc comhluadair a chur air. Má tharlaíonn sé seo, deir an Bíobla go soiléir “gan aon chaidreamh” a bheith againn le duine a bhfuil cosc comhluadair curtha air. (Léigh 1 Corantaigh 5:11-13; 2 Eoin 9-11) D’fhéadfadh sé seo a bheith an-deacair más cara linn nó duine a bhfuil gaol againn leis atá i gceist. Ach i gcás den sórt sin, ní mór dár ndílseacht d’Iehova a bheith níos láidre ná mar atá ár ndílseacht d’aon duine eile.—Féach ar Aguisín 8.

20, 21. (a) Cén fáth gur socrú grámhar é cosc chomhluadair a chur ar dhuine? (b) Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach ár gcairde a roghnú go ciallmhar?

20 Is socrú grámhar ó Iehova é cosc comhluadair a chur ar dhuine. Coinníonn sé an pobal sábháilte orthu siúd nach bhfuil aon suim acu sna caighdeáin atá leagtha síos ag Iehova. (1 Corantaigh 5:7; Eabhraigh 12:15, 16) Cabhraíonn sé linn grá a thaispeáint d’Iehova, dá ainm naofa, agus dá chaighdeáin. (1 Peadar 1:15, 16) Léiríonn an socrú seo grá freisin don té nach bhfuil ina bhall den phobal níos mó. D’fhéadfadh an smachtú seo a chur ar na súile dó go bhfuil an méid atá déanta aige mícheart agus é a spreagadh le hathruithe a dhéanamh ina shaol. Tá go leor acu seo a raibh cosc comhluadair curtha orthu ar ais arís sa bpobal, áit ar cuireadh fáilte chroíúil rompu.—Eabhraigh 12:11.

21 Bíonn tionchar ag ár gcairde orainn ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Mar sin, tá sé tábhachtach go roghnódh muid go cúramach iad. Má bhíonn grá againn dóibh siúd a bhfuil grá ag Iehova dóibh, beidh cairde againn a chabhróidh linn fanacht dílis d’Iehova go deo.