STAIDÉAR 10
Modhnú
Seanfhocail 8:4, 7
ACHOIMRE: Cuir smaointe in iúl go soiléir agus spreag mothúchán trí airde, tuinairde agus trí luas do ghutha a athrú.
AN BEALACH LENA DHÉANAMH:
-
Bíodh éagsúlacht in airde do ghutha. Ardaigh do ghlór chun aird a tharraingt ar na príomhphointí agus chun d’éisteoirí a spreagadh. Déan an rud céanna nuair a bhíonn breithiúnas scrioptúrtha á léamh agat. Ísligh do ghlór chun bís a spreagadh nó nuair atá eagla nó imní á chur in iúl agat.
-
Bíodh éagsúlacht i dtuinairde do ghutha. Más cuí i do theanga, ardaigh tuinairde do ghutha chun díograis a léiriú nó chun méid nó fad a léiriú. Ísligh tuinairde do ghutha chun brón nó imní a chur in iúl.
-
Bíodh éagsúlacht i luas do chuid cainte. Labhair níos tapúla chun sceitimíní a chur in iúl. Labhair níos moille agus pointí tábhachtacha á lua agat.