STAIDÉAR 3
Ag Cur Ceisteanna
Matha 16:13-16
ACHOIMRE: Cuir ceisteanna stuama a spreagann spéis agus suim, chun go mbeidh na héisteoirí in ann meabhair a bhaint as an teachtaireacht, agus chun béim a chur ar phointí tábhachtacha.
AN BEALACH LENA DHÉANAMH:
-
Spreag agus cothaigh spéis. Cuir ceisteanna reitriciúla a spreagann fiosracht nó a chuireann duine ag smaoineamh ar féin.
-
Mínigh an t-ábhar. Cabhraigh le d’éisteoirí argóint a dhéanann ciall a leanúint, trí shraith ceisteanna a chur ionas go mbeidh deireadh réasúnta leis an bplé.
-
Cuir béim ar phointí tábhachtacha. Cuir ceist shuimiúil chun an príomhphointe a chuir i láthair. Úsáid ceisteanna athbhreithnithe tar éis pointe tábhachtach a phlé nó nuair atá do chur i láthair á thabhairt chun críche agat.