CEACHT 18
Cén Chaoi a nAithneofá Fíor-Chríostaithe?
Maíonn na billiúin duine gur Críostaí iad. Ach ní hé an rud céanna a chreideann siad go léir, agus ní mhaireann siad de réir na gcaighdeán céanna. Mar sin cén chaoi ar féidir linn fíor-Chríostaithe a aithint?
1. Céard is Críostaí ann?
Is deisceabail, nó dream daoine a leanann, Íosa Críost iad Críostaithe. (Léigh Gníomhartha 11:26.) Cén chaoi a mbeadh a fhios againn gur deisceabail le hÍosa iad? Dúirt Íosa: “Má fhanann sibh ar mo bhriathar, beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre.” (Eoin 8:31) Léiríonn sé seo go gcaithfidh fíor-Chríostaithe teagasc Íosa a chomhlíonadh. Díreach mar a bhunaigh Íosa gach ar mhúin sé ar an mBíobla, déanann fíor-Chríostaithe an rud céanna.—Léigh Lúcás 24:27.
2. Cén chaoi a léiríonn fíor-Chríostaithe grá?
Dúirt Íosa: “Is í seo m’aithne, sibh grá a thabhairt dá chéile mar an grá a thug mé daoibh.” (Eoin 15:12) Cén chaoi ar léirigh Íosa go raibh grá aige dá dheisceabail? Chaith sé am leo, spreag sé iad, agus chabhraigh sé leo. Thug sé a bheatha ar a son. (1 Eoin 3:16) Mar an gcéanna inniu, léiríonn fíor-Chríostaithe go bhfuil grá acu dá chéile trí bhriathar agus trí ghníomh.
3. Cén obair a dhéanann fíor-Chríostaithe?
Thug Íosa obair le déanamh dá dheisceabail nuair a “chuir sé uaidh iad ag fógairt ríocht Dé.” (Lúcás 9:2) Bhíodh na chéad Chríostaithe ag craobhscaoileadh, ní hamháin ina n-ionaid adhartha ach in áiteanna poiblí agus i dtithe príobháideacha. (Léigh Gníomhartha 5:42; 17:17.) Bíonn fíor-Chríostaithe inniu ag craobhscaoileadh fírinní an Bhíobla cibé áit a bhfuil daoine. Tá grá acu dá gcomharsan, mar sin úsáideann siad a gcuid ama agus a gcuid fuinnimh chun an teachtaireacht dóchais agus an sólás atá sa mBíobla a scaipeadh.—Marcas 12:31.
DÉAN TAIGHDE
Céard iad na difríochtaí atá idir fíor-Chríostaithe agus daoine nach leanann teagasc ná sampla Íosa.
4. Bíonn siad sa tóir ar fhírinne an Bhíobla
Níl meas ag gach duine a mhaíonn gur Críostaí iad ar fhírinne an Bhíobla. Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh an cheist a leanann.
-
Cén chaoi ar theip ar roinnt eaglaisí atá ag maíomh gur Críostaithe iad teagasc Íosa a mhúineadh?
Mhúin Íosa fírinní an Bhíobla. Léigh Eoin 18:37, ansin pléigh an cheist seo:
-
Dar le hÍosa, cén chaoi ar féidir linn Críostaithe “gur den fhírinne” iad a aithint?
5. Craobhscaoileann siad fírinní an Bhíobla
Sular fhill Íosa ar na flaithis, d’ordaigh sé dá lucht leanúna an dea-scéal a chraobhscaoileadh. Léigh Matha 28:19, 20 agus Gníomhartha 1:8, ansin pléigh an cheist seo:
-
Cé chomh forleathan is a chraobhscaoilfí an dea-scéal?
6. Déanann siad beart de réir a mbriathar
Céard a chuir ina luí ar Tom go raibh an fhíor-Chríostaíocht aimsithe aige? Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh na ceisteanna a leanann.
-
Cén fáth ar éirigh Tom tuirseach de reiligiún?
-
Cén fáth a bhfuil sé cinnte go bhfuil an fhírinne faighte aige?
Is tábhachtaí beart ná briathar. Léigh Matha 7:21, ansin pléigh an cheist seo:
-
Céard is tábhachtaí d’Íosa—go maíonn muid go bhfuil creideamh againn nó go ndéanann muid beart de réir a bhriathair?
7. Tá siad mór le chéile
Ar chuir Críostaithe a mbeatha i mbaol ar son a gcomh-Chríostaithe? Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh na ceisteanna a leanann.
-
Cén fáth a raibh Lloyd sásta a shaol a chur i mbaol ar son an Deartháir Johansson?
-
An gceapann tú gur léirigh sé tréithe an fhíor-Chríostaí?
Léigh Eoin 13:34, 35, ansin pléigh na ceisteanna seo:
-
Cén chaoi a gcaithfeadh fíordheisceabail Íosa le daoine de chine nó de náisiún eile?
-
Céard a dhéanfaidís le linn cogaidh?
DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Tá rudaí uafásacha déanta ag Críostaithe —an bhféadfadh sé go bhfuil an fíor-reiligiún acu?”
-
Cén scrioptúr a d’úsáidfeá chun fíor-Chríostaithe a aithint?
ACHOIMRE
Leanann fíor-Chríostaithe teagasc an Bhíobla, léiríonn siad grá neamhleithleach, agus craobhscaoileann siad fírinní an Bhíobla.
Súil Siar
-
Céard air a mbunaíonn fíor-Chríostaithe a gcreideamh?
-
Cé na tréithe lena n-aithnítear fíor-Chríostaithe?
-
Cén obair a dhéanann fíor-Chríostaithe?
FIOSRAIGH
Foghlaim tuilleadh faoi ghrúpa daoine a dhéanann iarracht sampla agus teagasc Íosa Críost a leanúint.
Féach mar a fuair iarbhean rialta “fíor-theaghlach spioradálta.”
“They Used the Bible to Answer Every Question!” (The Watchtower, 1 Aibreán, 2014)
Foghlaim faoin mbealach a léiríonn fíor-Chríostaithe grá dá gcomhChríostaithe in am an ghátair.
Scrúdaigh an bealach ar lean Críostaithe na chéad aoise an patrún céanna teagaisc agus a leanann fíor-Chríostaithe inniu.
“What Are the Marks of True Christianity?” (The Watchtower, 1 Márta, 2012)