CEACHT 34
Cén Chaoi ar Féidir Linn Ár nGrá d’Iehova a Léiriú?
An mothaíonn tú go bhfuil caidreamh níos fearr agat le hIehova ó thosaigh tú ag staidéar an Bhíobla? Ar mhaith leat leanúint ort ag neartú do chairdeas leis? De réir mar a mhéadaíonn do ghrá d’Iehova, is ea is mó a thabharfaidh sé aire agus grá duitse. Cén chaoi ar féidir leat a léiriú go bhfuil grá agatsa dó?
1. Cén chaoi a léiríonn muid ár ngrá d’Iehova?
Léiríonn muid ár ngrá d’Iehova trína bheith umhal dó. (Léigh 1 Eoin 5:3.) Ní chuireann sé d’iallach ar aon duine a bheith umhal dó. Tugann sé an deis do gach duine a rogha féin a dhéanamh. Cén fáth? Teastaíonn ó Iehova go ‘ngéillfidh muid dó ó chroí.’ (Rómhánaigh 6:17) Ciallaíonn sé seo go bhfuil Iehova ag iarraidh ortsa a bheith umhal dó mar go bhfuil grá agat dó. Tá cuid a 3 agus 4 den leabhar seo leagtha amach ar bhealach a chabhróidh leat do ghrá d’Iehova a léiriú trí na rudaí a thaitníonn leis a dhéanamh agus trí na rudaí nach dtaitníonn leis a sheachaint.
2. Cén fáth a mbíonn sé deacair ár ngrá d’Iehova a léiriú?
“Is iomaí sin buairt ar an bhfíréan.” (Salm 34:20 [34:19 i mBíoblaí eile]) Tá muid go léir neamhfhoirfe agus b’fhéidir go bhfuil muid ag streachailt le fadhbanna eacnamaíochta, éagóir agus deacrachtaí eile freisin. Nuair a bhíonn muid ag déileáil le cruatan an tsaoil, seans nach mbíonn sé éasca againn an rud a iarrann Iehova orainn a dhéanamh. B’fhéidir go mbeadh sé níos éasca an rud mícheart a dhéanamh, ach nuair a fhanann tú dílis d’Iehova, léiríonn tú do ghrá dó. Ar an mbealach sin, cruthaíonn tú go bhfuil tú dílis dó agus beidh Iehova dílis duit. Ní fhágfaidh sé go deo thú.—Léigh Salm 4:4 (Salm 4:3 i mBíoblaí eile).
DÉAN TAIGHDE
Scrúdaigh an tábhacht a bhaineann le bheith umhal d’Iehova agus faigh amach faoin méid a chabhróidh leat fanacht dílis dó.
3. Ceist a bhaineann leatsa
De réir an Bhíobla, chuir Sátan líomhaintí i leith Iób. Ach ní hamháin sin, cuireann sé líomhaintí i leith chuile dhuine atá ag iarraidh a bheith ina sheirbhíseach ag Iehova. Léigh Iób 1:1, 6–2:10, ansin plé na ceisteanna a leanann:
-
Dár le Sátan, cén fáth a raibh Iób dílis d’Iehova?—Féach Iób 1:9-11.
-
Céard a chuireann Sátan i leith an duine, tusa san áireamh?—Féach Iób 2:4.
Léigh Iób 27:5b, agus ansin plé an cheist seo:
-
Cén chaoi ar chruthaigh Iób go raibh grá buan daingean aige d’Iehova?
4. Cuir lúcháir ar chroí Iehova
Léigh Seanfhocail 27:11, ansin plé na ceisteanna a leanann:
-
Cén chaoi a mothaíonn Iehova nuair atá tú dílis dó? Cén fáth?
5. Is féidir leat a bheith dílis d’Iehova
Spreagann ár ngrá d’Iehova muid le hinsint do dhaoine eile faoi. Spreagann ár ndílseacht muid chun é sin a dhéanamh fiú nuair nach bhfuil sé éasca. Seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.
-
An bhfaigheann tú deacair é insint do dhaoine eile faoi Iehova?
-
Sa bhfíseán, céard a chabhraigh le Grayson insint do dhaoine faoi Iehova?
Tá sé níos éasca againn a bheith dílis d’Iehova nuair a dhéanann muid a thoil agus nuair a fhanann muid amach ó na rudaí ar fuath leis. Léigh Salm 97:10, ansin plé na ceisteanna a leanann:
-
Bunaithe ar an méid atá foghlamtha agat go dtí seo, céard iad na rudaí a thaitníonn le hIehova? Céard iad na rudaí ar fuath leis?
-
Cén chaoi ar féidir leat foghlaim le grá a bheith agat den mhaith agus fuath a bheith agat den olc?
6. Téann sé chun tairbhe dúinn a bheith dílis d’Iehova
Is fearr a bheith dílis d’Iehova i gcónaí. Léigh Íseáia 48:17, 18, ansin plé na ceisteanna a leanann:
-
An gceapann tú gur féidir linn a bheith muiníneach go mbíonn Iehova ar mhaithe linn i gcónaí? Cén fáth?
-
Cén chaoi a ndeachaigh do staidéar ar an mBíobla agus ar an bhFíor-Dhia, Iehova, chun tairbhe duit go dtí seo?
DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Is cuma le Dia céard a dhéanfaidh mé.”
-
Cén scrioptúr a d’fhéadfá a úsáid chun a léiriú go mbíonn tionchar ag gach a ndéanann muid ar mhothúcháin Iehova?
ACHOIMRE
Is féidir leat do ghrá d’Iehova a léiriú trína bheith umhal dó agus fanacht dílis dó in ainneoin dúshláin.
Súil Siar
-
Céard a d’fhoghlaim tú ó shampla Iób?
-
Cén chaoi a léireoidh tú do ghrá d’Iehova?
-
Céard a chabhróidh leat fanacht dílis d’Iehova?
FIOSRAIGH
Faigh amach faoin gcaoi ar féidir leat a bheith dílis d’Iehova agus don phobal Críostaí.
Foghlaim tuilleadh faoi na líomhaintí a chuir Sátan i leith an duine.
“Coinníonn Iób a Ionracas” (An Bíobla—Cén Teachtaireacht Atá Ann? cuid a 6)
Smaoinigh ar an gcaoi a léiríonn daoine óga a ngrá d’Iehova.
Cén chaoi ar féidir le daoine óga a bhíonn faoi bhrú ó dhaoine eile fanacht dílis d’Iehova?