Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 15

Faigheann Fáidh i nDeoraíocht Léargas ar an Todhchaí

Faigheann Fáidh i nDeoraíocht Léargas ar an Todhchaí

Déanann Dainéil tairngreacht faoi Ríocht Dé agus teacht an Mheisias. Titeann an Bhablóin

TUGADH Dainéil, ógánach a bhí thar a bheith ionraic, mar dheoraí go dtí an Bhablóin sular scriosadh Iarúsailéim. Thug lucht a ghabhála beagán saoirse dó féin agus do roinnt deoraithe eile a tháinig ó ríocht chloíte Iúdá. Bheannaigh Dia Dainéil le linn a shaol fada sa Bhablóin—d’éalaigh sé ón mbás fiú in uaimh na leon agus chonaic sé físeanna a chuir ar a chumas féachaint i bhfad chun cinn sa todhchaí. Ar an Meisias agus A riail a dhírigh an chuid is tábhachtaí de thairngreachtaí Dhainéil.

Faigheann Dainéil amach cén uair a thiocfadh an Meisias. Insíodh do Dhainéil cén uair a d’fhéadfadh pobal Dé a bheith ag súil le teacht “Meisias an Ceannaire”—69 seachtain de bhlianta tar éis an t-ordú a thabhairt ballaí Iarúsailéim a athchóiriú agus a atógáil. Bíonn seacht lá i ngnáth sheachtain; bíonn seacht mbliana i seachtain de bhlianta. Tugadh an t-ordú seo i bhfad i ndiaidh aimsir Dhainéil, sé sin, i 455 RCR. Ag tosú ón am sin, lean na 69 “seachtain” ar feadh 483 bliain, ag críochnú sa bhliain 29 CR. Sa chéad chuid eile den fhoilseachán seo, feicfimid céard a tharla an bhliain sin. Ag breathnú chun cinn dó chonaic Dainéil go ‘ngearrfaí anuas’ an Meisias, sé sin, go gcuirfí chun báis é mar chúiteamh ar an bpeaca.—Dainéil 9:24-26.

Dhéanfaí Rí ar neamh den Mheisias. I bhfís annamh de neamh, chonaic Dainéil an Meisias, ar dúradh faoi go raibh sé “amhail Mac an Duine,” ag teacht os comhair chathaoir ríoga Iehova féin. Bhronn Iehova “tiarnas, glóir is ardfhlaitheas” air. Mhairfeadh an Ríocht sin go deo. D’fhoghlaim Dainéil fíric iontach eile faoin Ríocht Mheisiasach—roinnfeadh an Rí a chuid údaráis le daoine eile, grúpa ar a dtugtar “pobal naoimh an Té is Airde.”—Dainéil 7:13, 14, 27.

Scriosfaidh an Ríocht rialtais an domhain seo. Chuir Dia ar chumas Dhainéil míniú a thabhairt ar bhrionglóid a chuir mearbhall ar Nabúcadnazar, Rí na Bablóine. Chonaic an rí íomhá ollmhór a raibh cloigeann óir uirthi, brollach agus lámha airgid, bolg agus ceathrúna copair, cosa iarainn agus troithe d’iarann measctha le cré. Bhuail cloch a bhí gearrtha amach as sliabh na troithe leochaileacha agus rinne sí smúdar den íomhá. Mhínigh Dainéil gurbh ionann na páirteanna den íomhá agus na cumhachtaí domhanda ar fad as a chéile, ag tosú leis an Bhablóin mar an ceann óir. Chonaic Dainéil roimh ré go ngníomhódh Ríocht Dé le linn don chumhacht domhanda deireanach a bheith ag rialú an domhain urchóideach seo. Scriosfadh sí rialtais uile an domhain seo. Ansin, rialódh Ríocht Dé go deo.—Dainéil, caibidil 2.

Mhair Dainéil, agus aois an-mhór aige, le gabháil na Bablóine a fheiceáil. Rinne Rí Cíoras coscairt ar an gcathair, go díreach mar a bhí tuartha ag na fáithe. Go gearr ina dhiaidh sin, bhí na Giúdaigh scaoilte saor óna ndeoraíocht ar deireadh thiar thall—díreach in am, tar éis na 70 bliain a bhí tuartha do bhánú a dtíre dúchais. In am trátha, faoi stiúir ghobharnóirí, sagairt agus fáithe dílse, rinne na Giúdaigh atógáil ar Iarúsailéim agus rinne siad athchóiriú ar theampall Iehova. Ach céard a tharlódh ag deireadh na 483 bliain?

—Bunaithe ar leabhar Dainéil.