Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 8

Cén Fáth a nGléasann Muid Go Deas i gComhair Ár gCruinnithe?

Cén Fáth a nGléasann Muid Go Deas i gComhair Ár gCruinnithe?

An Íoslainn

Meicsiceo

Guine Bissau

Na Filipínigh

Ar thug tú faoi deara ó na pictiúir atá sa mbróisiúr seo chomh deas is a bhíonn Finnéithe Iehova gléasta nuair a bhíonn siad ag freastal ar a gcruinnithe? Cén fáth a gcuireann muid an oiread sin béime ar an gcaoi a ngléasann muid?

Chun ómós a thaispeáint dár nDia. Is fíor a rá nach de réir mar a bhíonn muid gléasta a thugann Dia breith orainn. (1 Samúéil 16:7) Mar sin féin, nuair a thagann muid le chéile is é mian ár gcroí ómós a thaispeáint do Dhia agus dár gcomhadhraitheoirí. Dá mbeadh muid le seasamh os comhair breithimh sa gcúirt, is cinnte go ngléasfadh muid ar bhealach a thaispeánfadh ómós dá stádas. Ar an gcaoi chéanna, taispeánann an chaoi a ngléasann muid ag cruinnithe an dea-mheas atá againn ar “bhreitheamh an domhain uile,” Iehova Dia, agus ar an ionad ina dtugann muid adhradh dó.—Geineasas 18:25.

Chun ár gcaighdeán ard maireachtála a léiriú. Spreagann an Bíobla muid chun gléasadh “go modhúil macánta.” (1 Tiomóid 2:9, 10, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn) Má ghléasann muid “go modhúil,” ciallaíonn sé nach mbeidh muid gléasta in éadaí gáirsiúla. Chomh maith leis sin, má bhíonn muid “macánta” roghnóidh muid éadaí slachtmhara, néata, in áit éadaí sraoilleacha. Fós féin, fágann na prionsabail seo a lán roghanna éagsúla againn maidir leis na héadaí a chaitheann muid. Cuireann an bealach deas ómósach ina ngléasann muid “maise ar theagasc Dé ár slánaitheoir,” agus tugann sé glóir dó. (Títeas 2:10, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn; 1 Peadar 2:12) Mar sin, bíonn tionchar ag an gcaoi a ngléasann muid i gcomhair ár gcruinnithe ar an dearcadh a bhíonn ag daoine eile ar adhradh Iehova.

Ná ceap go dteastaíonn éadaí daora galánta uait chun freastal ar an Ríocht-halla. Ní gá ach go mbeidh siad glan, néata agus oiriúnach.

  • Cén tábhacht atá leis an gcaoi a ngléasann muid agus muid ag adhradh Dé?

  • Cé na prionsabail a threoraíonn muid maidir leis an gcaoi a ngléasann muid?