Ná bac leis seo

Cén Uair ar Rugadh Íosa?

Cén Uair ar Rugadh Íosa?

Freagraíonn an Bíobla

 Ní luann an Bíobla an dáta ar rugadh Íosa, rud a léiríonn na tagairtí seo:

  •   “Níl a fhios go díreach cén uair ar rugadh Críost.”—New Catholic Encyclopedia.

  •   “Níl an dáta cruinn ar rugadh Críost ar eolas ag aon duine”—Encyclopedia of Early Christianity.

 Cé nach dtugann an Bíobla freagra díreach ar an gceist, ‘Cén uair ar rugadh Íosa?’ cuireann sé síos ar dhá eachtraí a tharla ag an am a rugadh é a thugann le fios nár rugadh ar an 25 Nollaig é.

Ní sa nGeimhreadh

  1.   An clárú. Go gairid sular rugadh Íosa, thug Céasar Agust ordú áitritheoirí “an domhan uile a chlárú.” Bhí ar gach duine dul go dtí “a chathair féin,” agus d’fhéadfadh sé go raibh turas seachtaine nó níos mó i gceist leis seo. (Lúcás 2:1-3) Is dócha gur tugadh an t-ordú sin chun tacú le cánachas agus coinscríobh míleata—rud nach mbeadh mórán fáilte roimh ag aon am den bhliain. Ní dócha go dtarraingeoidh Agust air na daoine trí iallach a chur orthu turas fada a dhéanamh i rith an Gheimhridh fhuair.

  2.   Na caoirigh. Bhí aoirí “amuigh faoin spéir, ag faireacháin oíche i mbun a dtréada.” (Lúcás 2:8) Tugann an leabhar Daily Life in the Time of Jesus le fios go mbeadh tréada ina gcónaí amuigh faoin aer “ón tseachtain roimh Cháisc na nGiúdach [deireadh mhí Mhárta]” go dtí lár mí na Samhna. Agus deirtear ansin: “Chaith siad an geimhreadh ar an bhfoscadh; rud a léiríonn nach bhféadfadh sé go mbeadh dáta traidisiúnta na Nollag, sa nGeimhreadh, cruinn, mar go ndeir an Bíobla go raibh na haoirí sna páirceanna.”

Go luath sa bhFómhar

 Is féidir linn an t-am den bhliain a rugadh Íosa a dhéanamh amach trí chomhaireamh siar óna bhás ar Cháisc na nGiúdach, ar Níosán 14 in Earrach na bliana 33 C.R. (Eoin 19:14-16) Bhí Íosa thart ar 30 bliain d’aois nuair a thosaigh sé a craobhscaoileadh agus lean sé air ar feadh trí bliana go leith, tugann sé sin le fios dúinn gur rugadh é go luath i bhFómhar na bliana 2 R.C.R.—Lúcás 3:23.

Cén fáth go ndéantar an Nollaig a cheiliúradh ar an 25 Nollaig?

 Ós rud é nach bhfuil aon fhianaise ann gur rugadh Íosa Críost ar an 25 Nollaig, cén fáth go ndéantar an Nollaig a cheiliúradh ar an dáta seo? Deir an Encyclopædia Britannica gur dócha gur roghnaigh ceannairí eaglasta é “chun go mbeifí in ann ceiliúradh a dhéanamh air ag an am céanna leis an bhféile págánach Rómhánach a reáchtáiltí chun ‘lá breithe na gréine nach féidir a chloí,’” ag grianstad an Gheimhridh a cheiliúradh. De réir an Encyclopedia Americana, creideann go leor scoláirí go ndearnadh é seo “chun an Chríostaíocht a dhéanamh ag breathnú níos suntasaí do dhaoine a d’iompaigh ón bpágántacht.”