Slánaíonn Íosa—Cén Chaoi?
Freagraíonn an Bíobla
Shlánaigh Íosa daoine dílse nuair a thug sé a bheatha mar éiric nó mar cheannach ar mhórán. (Matha 20:28) Mar sin, tugann an Bíobla “Slánaitheoir an tsaoil” ar Íosa. (1 Eoin 4:14) Deir an Bíobla freisin: “Níl slánú síoraí le fáil in aon duine eile, mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”—Gníomhartha 4:12.
D’fhulaing Íosa an bás ar mhaithe leo siúd a chreideann ann. (Eabhraigh 2:9; Eoin 3:16) Ina dhiaidh sin, “thóg Dia ó mhairbh é,” agus d’fhill Íosa go dtí na flaithis mar neach spiorad. (Gníomhartha 3:15) Mar sin, is féidir le hÍosa “na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son.”—Eabhraigh 7:25.
Cén fáth a bhfuil Íosa ag teastáil uainn le hachainí a dhéanamh ar ár son?
Peacaíonn muid go léir. (Rómhánaigh 3:23) Cuireann an peaca deighilt idir muid agus Dia agus is é an bás an toradh a bhíonn air. (Rómhánaigh 6:23) Ach tá Íosa mar “abhcóide” nó mar ionadaí acu siúd a chuireann muinín san éiric. (1 Eoin 2:1) Déanann sé achainí ar a son ag iarraidh ar Dhia éisteacht lena nguí agus a bpeacaí a mhaithe dóibh ar bhonn éiric Íosa. (Matha 1:21; Rómhánaigh 8:34) Éisteann Dia leis na hachainíocha a dhéanann Íosa de bharr go bhfuil siad de réir toil Dé. Chuir Dia Íosa chun na talún “chun go slánófaí an saol tríd.”—Eoin 3:17.
An leor creidiúint in Íosa chun slánú a fháil?
Ní leor. Cé go gcaithfidh muid creidiúint in Íosa chun a bheith slánaithe, tá níos mó ná sin i gceist. (Gníomhartha 16:30, 31) Deir an Bíobla: “Tá an corp marbh gan an t-anam agus ar an gcuma chéanna tá an creideamh marbh gan dea-oibreacha.” (Séamas 2:26) Chun a bheith slánaithe, caithfidh muid:
Foghlaim faoi Íosa agus a Athair, Iehova.—Eoin 17:3.
Creideamh a chothú iontu.—Eoin 12:44; 14:1.
Ár muinín a léiriú trína bheith umhal dá n-aitheanta. (Lúcás 6:46; 1 Eoin 2:17) Mhúin Íosa nach é gach duine a thugann ‘Tiarna’ air a bheidh slánaithe ach amháin iad siúd a ‘dhéanann toil a Athar atá ar neamh.’—Matha 7:21.
Leanúint orainn ag cleachtadh ár gcreideamh in ainneoin cruatan. Léirigh Íosa é seo go soiléir nuair a dúirt sé: “An té a sheasfaidh amach go deireadh sábhálfar é.”—Matha 24:13.